Agus a duḃairt an ríġ, Cred é ḋamsa agus dáoiḃsi, a ċlann Ṡeruiah? marsin léigṫear ḋó malluġaḋ, do ḃríġ go nduḃaírt an TIĠEARNA ris, Malluiḋ Dáiḃí. Cía déaras ann sin, Cred fá ndéarna tú marso?
¶ Agus ṫáinic Meṗibóset mac Sauil a núas a ccoinne an ríġ, agus níor ḋeasuiġ a ċosa, agus níor ḃfearr a ḟeasóg, agus níor niġ a éadaċ, ón ló far imṫiġ an ríġ gus an lá fá ttáinic a síoṫċáin.
Oír is aṁluiḋ ḃías, an lá raċas tú amaċ, agus ġéuḃus tú tar a naḃuinn Cídron anonn, bíoḋ a ḟios agad go ḃfuiġe tú bás air gaċ éanċor: biáiḋ ṫfuil ar do ċeann féin.
Ann sin do aiṫin an ríġ do Ḃenaiah ṁac Iehoiada; noċ do ċuáiḋ amaċ, agus do ṫiomáin air, go ḃfuair sé bás. Agus do daingniuġaḋ an rioġaċd a laíṁ Ṡolaiṁ.
Agus a duḃairt Dáiḃi ris, An ḃféadfa tú misi ḃreiṫ síos ċum na cuideaċda sin? Agus a duḃairt seision, Taḃair do ṁionna ḋaṁ tré Ḋía, naċ muirfe tú mé, agus naċ ttiuḃra tú a láiṁ mo ṁaiġistir mé, agus do ḃéara mé sics go nuige an ċuideaċda ṫú.