Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 19:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus a duḃairt Dáiḃi, Créd ta agamsa re deanaṁ riḃse, a ċlann Ṡeruiah, go mbiaḋ siḃ a niuġ ag cur am aġaiḋ? an gcuirfiġear éanduine ċum báis a niuġ a Nisrael? óir naċ ḃfuil a ḟios agumsa go ḃfuilim féin a niuġ am ríġ ós cionn Israel?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 19:22
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt an ríġ, Cred é ḋamsa agus dáoiḃsi, a ċlann Ṡeruiah? marsin léigṫear ḋó malluġaḋ, do ḃríġ go nduḃaírt an TIĠEARNA ris, Malluiḋ Dáiḃí. Cía déaras ann sin, Cred fá ndéarna tú marso?


¶ Agus a núair ṫaínic Dáiḃi ríġ go Bahúrim, féuċ, ṫáinic as sin amaċ óglaċ do ṁuinntir ṫiġe Ṡauil, dar ḃainm Símei, mac Géra: ṫáinic sé amaċ, agus é ag malluġaḋ do gnáṫ ag teaċd.


¶ Ann sin a duḃairt Abisai ṁac Seruiah ris an ríġ, Cred fá malluiġionn an madraḋ marḃso mo ṫiġearna an ríġ? guiḋim ṫú, léig ḋaṁ dul anonn, agus a ċeann do ḃuáin de.


Agus atáimsi a niuġ lag, gé táim am ríġ ungṫa; agus atáid an ṁuínntirsi mic Ṡeruiah roċruáiḋ ḋaṁ: do ḃéara an TIĠEARNA a luáiġeaċd dfior a nuilc do ḋéanaṁ, do réir a ċionta.


Agus daingneoċar an ċaṫaoir rioġa a ttrócaire: agus suiḋfiḋ sé innte a ḃfírinne a ttabernacuil Ḋáiḃi, ag breaṫnuġaḋ, ag iarruiḋ breiṫeaṁnuis, agus ag deifriuġaḋ an ċeirt.


Agus, féuċm do éiṁġeadar, ag ráḋ, Créud é ar gcuídne ḋiót, a Iósa, Ṁic Dé? an dtainic tú ann so dár gcéusaḋne roiṁe a naimsir?


Agus a duḃairt Saul, Ní cuirfiġear éanduine ċum báis a niuġ: óir is a niuġ do oibriġ an TIĠEARNA tárrṫáil a Nisrael.


Nár leígiḋ an TIĠEARNA go sínfinnsi amaċ mo láṁ a naġaiḋ ungṫaiġ an TIĠEARNA: aċ, guiḋim ṫusa anoís, glac an gaṫ atá agá ċéannaḋairt, agus an cruisgín uisge, agus bíom ag imṫeaċd.


Ann sin a duḃairt Abisai re Dáiḃi, Ṫug Día do náṁaid a niuġ ad láiṁ: anoís ar naḋḃarsin guiḋim ṫú, leíg ḋaṁsa a ḃúalaḋ, leis an ngaṫ go nuige an ttaláṁ déantsáṫaḋ, agus ní ḃúailfiod an dara huáir é.


Agus a duḃairt Dáiḃi re Abisai, Ná marḃ é: óir cía ḟéadus a láṁ do ṡíneaḋ amaċ a naġaiḋ úngṫuíḋ an TIĠEARNA, agus ḃeiṫ neiṁċiontaċ?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ