Agus do ṡín Israel a láṁ ḋeas amaċ, agus do ċuir ar ċeann Eṗraim í, eaḋon an mac buḋ óige, agus a láṁ ċlé ar ċeann Ṁanasseh, ag treóruġaḋ a láṁ go géurċúiseaċ; óir dob é Manasseh do rugaḋ ar ttús.
Agus do ḃeannuiġ sé íad an lá sin ag raḋ, Ionnadsa ḃeinneoċus Israel, ag ráḋ, Go ndeárna Día ṫusa mar Eṗraim, agus mar Ṁanasseh: agus do ċuir sé Eṗraim roiṁe Ṁanasseh.
¶ Agus a núair ṫaínic Dáiḃi ríġ go Bahúrim, féuċ, ṫáinic as sin amaċ óglaċ do ṁuinntir ṫiġe Ṡauil, dar ḃainm Símei, mac Géra: ṫáinic sé amaċ, agus é ag malluġaḋ do gnáṫ ag teaċd.
¶ Agus do ḃí an pobal uile a nimreasain ar feaḋ ṫreaḃ Israel uile, ḋá ráḋ, Do ċuṁduiġ an ríġ sinn ó láṁuiḃ ar náṁad, agus do ṡáor sinn ó láṁuiḃ na Ḃṗilístineaċ; agus a nois do ṫeiṫ sé as a ttír roiṁe Absolon.
Agus tárla, a nuáir do ċúalada Israel uile Ieroboam do ṫeaċd a rís, gur ċuireadar fios agus gur ġoireadar air ċum an ċoṁċruinniġ, agus go ndéarnadar ríġ ḋe ós cionn Israel uile: ní raiḃ éanduine ag leanṁuinn tiġ Ḋáiḃi, aċd treaḃ Iúdah aṁáin.