17 Agus do ḃí míle fear do Ḃeníamin na ḟoċair, agus Síba óglaċ tiġé Ṡauil, agus a ċúig mic déug agus fiṫċe serḃíseaċ na ḟoċair; agus do ċúadar tar Iordan roiṁe an ríġ.
¶ Agus a núair ṫaínic Dáiḃi ríġ go Bahúrim, féuċ, ṫáinic as sin amaċ óglaċ do ṁuinntir ṫiġe Ṡauil, dar ḃainm Símei, mac Géra: ṫáinic sé amaċ, agus é ag malluġaḋ do gnáṫ ag teaċd.
Agus do ċúaiḋ bád do ṫaḃairt ṁuinntire an ríġ ṫairis, agus do ḋéanaṁ mar buḋ toil leis. Agus do ṫuit Símei ṁac Géra siós a ḃfíaḋnuise an ríġ, ag teaċd a nall dó ṫar Iordan.
Saoṫroċṫa tusa, agus do ṁic ar a naḋḃarsin, agus do ṡerḃísiġ, an fearann dó, agus do ḃéara tú a steaċ an soċar, ċor go mbía beaṫa ag mac do ṁaiġistir re iṫe: aċd íosa Meṗibóset mac do Maiġistir arán ar mo ḃordsa a ngnáṫ. Anois do ḃí ag Síba cúig mic ḋéug agus fiṫċe searḃḟoġantúiġ.
Agus do ḃí do ṫiġ Ṡauil searḃḟoġantuiġ dar ḃainm Síba. Agus a núair do ġoireadar é ċum Dáiḃi, a duḃairt an ríġ ris, An tusa Síba? Agus a dúḃairt Síba, Is mé do ṡearḃḟoġantuiġ.
Agus, féuċ, atá agad Símei ṁac Gera, Beniamíteaċ ó Ḃahúrim, noċ do ṁalluiġ orumsa le malluġaḋ deanaċdaċ annsa lo a ndeaċaiḋ mé go Mahanaim: aċd ṫáimc sé a núas am ċoinne go Iordan, agus do ṁionnuiġ mé ḋo fan TTIĠEARNA, ġa raḋ, Ní ċuirfe mé ċum báis ṫú leis an ccloiḋeaṁ.