Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 19:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus abruiḋ ré Amasa, naċ dom ċnáiṁ, agus dom ḟeóilse ṫusa? Go ndéarna Día sin, agus fós níos mó rinmsa, muna raiḃ tusa ad ċaiptín an tslóiġ agamsa ċoiḋċe a náit Ióab.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 19:13
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Laban ris, Is deiṁin gur tú mo ċnáiṁ agus mfeóil. Agus do ḟan aige ar feaḋ míosa.


¶ Agus do rinne Absolon caiptin do Amasa ar a ṡlúaġ a naít Ióab: agus ba he Amasa mac duine dar ḃainm Iṫra Israelíteaċ, noċ do luiḋ lé Abigail inġean Nahas deirḃṡiúr do Ṡeruiah, maṫair Ióab.


Agus a duḃairt Ióab ris an té dinnis sin dó, Agus, féuċ, ó ċonnairc tú é, cred fa nar ḃuáil tú ann sin go taluṁ é agus do ḃéaruinnsi deiċ seceil airgid duit, agus crios.


¶ Ann sin á duḃairt an ríġ re Amasa, Cruinniġ ċugamsa fir Iúdah faói ċeann trí lá, agus bí féin annso a laṫair.


Agus a núair dfill Abner go Hébron, rug Ióab leis do leaṫtaoiḃ é annsa ġeata do laḃairt go síoṫċánta ris, agus do ḃuáil sé ann sin é fáoi an gcúigeaḋ easna, go ḃfúair sé bás, ar son fola a ḋearḃráṫar Asahel.


An sin ṫangadar treaḃa Israel uile ċum Dáiḃi go Hébron, agus do laḃradar, ḋá raḋ, Féuċ, as sinne do ċnáiṁ agus ṫfeóil.


Agus do ḃí Ióab ṁac Seruiah ós cionn an tslóiġ; agus Iehosoaṗat ṁac Ahilud na ṡeanċuiġ;


Ann sin do ċuir Iesebel teaċdaire go Helias, ġa ráḋ, Go ndéanuid na dée, anso riu marsin, agus tuilleaṁ fós, muna ndéarna misi do ḃeaṫasa mar ḃeaṫa ḋuine ḋíoḃsan fáoi namso a máraċ.


Ann sin ṫáinic an spiorad go Hamasai, an tí dob oireaġa do na caiptiniḃ, agus a duḃairt, Is leatsa sinne, a Ḋáiḃi, agus ar do ṫáoḃ, atámaoid a a ṁic Iesse: síoṫċám, síoṫċain maille riot, agus síoṫċáin dot luċd cuidiġ; óir atá do Ḋía ag cungnaṁ leaċd. Annsin do ġaḃ Dáiḃi ċuige íad, agus do rinne ḋioḃ caiptíniġ ar an mbuiḋin.


Mar a ḃfuiġe tú bás, is ann éagfadsa, agus is annsin aḋlaicṫear mé: go ndeárna an TIĠEARNA marsin liomsa, agus fós ní is mó, má ḋealuiġionn éinní aċd bás riot mé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ