Agus a duḃairt Dáiḃi ré na ṡearḃḟoġantuiḃ uile do ḃí na ḟoċair ann Ierusalem, Eirgiḋe, agus teiṫiom; nó ní raċam as ar éanċor ó Absolon: déanuiḋ deiṫfir re himṫeaċd, deagla go mbéaraḋ sé oruinn go hobann, agus go dtiuḃra olc oruinn, agus go millfiḋ an ċaṫair lé faoḃar an ċloiḋiṁ.
Ann sin a duḃairt Ióab, Ní ḟéuduimsi fuireaċ marso agad. Agus rug sé ar ṫrí gaéṫe iona láiṁ, agus do ṡaiṫ sé tré ċroiḋe Absolon íad, an fad do ḃí sé fós béo a lár na daruiġ.
¶ Agus do ċuir Dáiḃi ríġ fios go Sadoc agus go Abiatar na sagairt, ḋa ráḋ, Laḃruiḋ ré seanuiḃ Iúdah, ḋa raḋ, Creád fa ḃfuiltíse air deireaḋ do ḃreiṫ an ríġ air ais da ṫiġ? ó ṫáinic coṁráḋ Israel uile go nuíge an ríġ ḋa ṫiġ.
¶ Agus do ḃí an pobal uile a nimreasain ar feaḋ ṫreaḃ Israel uile, ḋá ráḋ, Do ċuṁduiġ an ríġ sinn ó láṁuiḃ ar náṁad, agus do ṡáor sinn ó láṁuiḃ na Ḃṗilístineaċ; agus a nois do ṫeiṫ sé as a ttír roiṁe Absolon.
Do ċuireadar ríġṫe súas, aċt ní maille ríomsa: do rinneadar prionnsaḋa, agus ní raiḃ a ḟios agamsa: do rinneadar ioḋal dóiḃ féin dá nairgiod agus dá nór, ċor go ngeárrfuiḋe amaċ íad.
Agus a duḃradarsan, Eirgiḋe, go ndeaċmaóis súas na naġaiḋ: óir do ċonncamar a ndúiṫċe, agus, féuċ, is ro ṁaiṫ í: agus an ḃfuiltíse ḃur ttaṁ? ná bíoḋ leisg oruiḃ imṫeaċd, agus dui a steaċ do ṡealḃuġaḋ na dúiṫċe.