Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 18:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 ¶ Agus tárla Absolon ar ṡearḃḟoġantuiġiḃ Ḋaiḃi. Agus do ḃí Absolon a marcuiġeaċd air ṁúille, agus do ċuáiḋ an múille fáói ġeuguiḃ tiuġa daire moire, agus rug a ċeann greim ar a ndaruiġ, agus do ḃí sé croiċde idir neaṁ agus taluṁ; agus dimṫiġ an múille do ḃí faói roimpe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 18:9
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do rínneadar searḃḟoġantuiġe Absolon re Hamnon mar do aiṫin Absolon. Annsin do éirġeadar mic an ríġ uile, agus do ċúaiḋ gaċ áon aca súas ar a ṁúille, agus do ṫeiṫeadar.


Agus a nuáir do ḃearraḋ sé a ċeann, (óir is a gcionn gaċa blíaḋna do ḃearraḋ sé é: do ḃríḋ go raiḃ sé trom air, uimesin do ḃearraḋ sé é:) do ċoṁṫromaḋ sé grúag a ċinn le ḋá ċéud secel do réir ċoṁṫruim an ríġ.


¶ Agus a núair do ċonnairc Aċitoṗel nar leanaḋ a ċoṁairle, do ċuir sé díalláoid ar a assal, agus déiriġ, agus do ċuaiḋ a ḃaile ḋa ṫiġ, da ċaṫruiġ, agus do ċuir a ṫiġ a norduġaḋ, agus do ċroċ sé é féin, agus fuáir bás, agus do haḋlaiceaḋ é a núaiġ a aṫar.


Agus do ċonnairc duine áiriġ sin, agus dinnis sé do Ióab é, agus a duḃairt, Féuċ, do ċonnairc mé Absolon croiċde a ndaruiġ.


Ann sin a duḃairt Ióab, Ní ḟéuduimsi fuireaċ marso agad. Agus rug sé ar ṫrí gaéṫe iona láiṁ, agus do ṡaiṫ sé tré ċroiḋe Absolon íad, an fad do ḃí sé fós béo a lár na daruiġ.


Oír do scáoileaḋ ó ċéile an caṫ ar féaḋ ḋroma na tíre uile: agus do ṡluig an ċoill nios mó an lásin ná ṁarḃ an cloiḋeaṁ.


Naċ ḃfuil scrios a ndán don droċḋuine? agus pionús iongantaċ do luċt oibriġṫe a néigceirt?


Giḋ bé ṁalluiġios a aṫair nó a ṁaṫair, cuirfiġṫear a loċrann as a ndorċadas duḃ.


An tsúil do ní magaḋ fa na aṫair, agus ṫarcuisniġios úṁlaċt a ṁaṫar, priocfuid féiċ an ġleanna amaċ í, agus íosuid na hiolair óga í.


An té ṫeiṫios ó neagla tuitfiḋ sé annsa nuáiġ; agus an té ṫiucfas a níos as an bpoll géaḃṫar san ṗaintéar é: óir do ḃéara misi air, eaḋon air Ṁóab, blíaḋuin a ccúartuiġṫe, a deir an TIĠEARNA.


Agus ar dteilgean na bpíosaḋ airgid úaḋ ann sa teampoll, do ḋealuiġ sé ríu, agus ar nimṫeaċd do ṫoċd sé é féin.


Oír a duḃairt Máoisi, Onóruiġ haṫair agus do ṁáṫair féin; agus, Giḋ bé a déara olc ré na aṫair nó ré na ṁáṫair, cuirṫear ċum báis é:


Aċd dfúasguil Críosd sinne ó ṁallaċd air ar son: óir atá sgríoḃṫa, As malluiġe gaċ áon ċroċdar a gcrann:


Ní ḃiáiḋ a ċorp ar feaḋ na hoiḋċe san ċrann, aċd aḋlocuiḋ tú ar gaċ éanċor an lá sin féin é; óir an té croċtar atá sé malluiġ ó Ḋía; ċor naċ ttruáilleoċṫar ṫfearann, noċ do ḃeir do ṪIĠEARNA Día ḋuit mar oiġreaċd.


Go ma malluiġ an té ṫarcuisniġios a aṫair nó a ṁaṫair. Agus déara an pobal uile, Amén.


Go ma malluiġ an té luiġios le mnaói a aṫar; do ċionn go noċdann sé náire a aṫar. Agus déara an pobal uile, Amén.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ