¶ Agus tárla Absolon ar ṡearḃḟoġantuiġiḃ Ḋaiḃi. Agus do ḃí Absolon a marcuiġeaċd air ṁúille, agus do ċuáiḋ an múille fáói ġeuguiḃ tiuġa daire moire, agus rug a ċeann greim ar a ndaruiġ, agus do ḃí sé croiċde idir neaṁ agus taluṁ; agus dimṫiġ an múille do ḃí faói roimpe.
Agus do ṫeiṫiodar an ċuid oile go Haṗec, don ċaṫair; agus do ṫuit balla ar ṡeaċd míle ḟiṫċiod fear dar fágḃaḋ. Agus do ṫeiṫ Ben‐hadad, agus ṫáinic don ċaṫruiġ, go seomra a ḃfad a steaċ.
Agus tárla, mar do ḃádar ag teiṫioṁ roiṁe Israel, agus iad ag dul ré fanuiḋ go Betóron, gur ṫeilg an TIĠEARNA cloċá móra a núas ó neaṁ orra go nuige Asecah, agus gur marḃaḋ íad: ba mó an ṁéid do marḃaḋ le cloiċṡneaċda ḋíoḃ, ná ar ṁarḃadar clann Israel leis an ccloiḋeaṁ.