27 Agus a duḃairt fear na faire, Dar liom is cosṁuil rioṫ an ċéud duine re rioṫ Ahimaas ṁic Sadoc. Agus a dúḃairt an ríġ, Is duine maiṫ sin, agus atáid scéula maiṫe leis.
Agus do ċonnairc an fear faire duine eile ag rioṫ: agus dfúagair an fear faire don doirseóir, agus a duḃairt, Féuċ duine eile ag rioṫ na áonar. Agus a dúḃairt an ríġ, atáid scéula leission mar an gcéadna.
Agus an fad do ḃí ġa ráḋ sin, féuċ, ṫáinic Ionatan mac Abiaṫair an sagart: agus a duḃairt Adoniiah ris, Tárr a steaċ; óir is duine cróḋa ṫú, agus atáid sceula maiṫe leaċd.
Agus dinnis fear na faire, ġa ráḋ, Ṫáinic sé go nuige íad, agus ní ḃfuil sé ag teaċd a rís: agus is cosṁuil an tarruingso lé tarruing Iéhu ṁic Nimsi; óir tairrngiḋ sé go dasaċdaċ.
¶ Cred é scíaṁuiḋe ar na sléiḃtiḃ atáid cosa an té do ḃeir scéala maiṫe leis, ḟuagras síoṫċáin; do ḃeir scéala maiṫe leis ar ṁaiṫ, ḟoillsiġeas slánuġaḋ; noċ a deir ré Sion, Atá do Ḋía a ríoġaċt!
Agus cionus do ḋéanuid siad seanmóir, muna ċuirtear ċuige íad? Mar atá sgríoḃṫa, O créd é bréaġaċd ċos na muinntire ṡoisgéulas an tsioṫċain, ṡoisgéulas neiṫe maiṫe!