Agus a duḃairt Ióab ris, Ní ḃéara tú scéula leaċd a niuġ, do ḃríġ gur ṁarḃaḋ mac an ríġ, aċd béara tú scéula leaċd lá oile: aċd a níuġ ní ḃcara tú sceula ar biṫ.
Ann sin a duḃairt Ahimaas ṁac Sádoc fós a ris ré Ióab, Aċ gíḋ bé ar biṫ é, gúiḋim ṫú, léig ḋaṁ rioṫ a ndiaiġ Ċúsi mar an gcéadna. Agus a duḃairt Ioab, Cred as a rioṫfuiḋ tusa, a ṁic, ó naċ ḃfuilid scéula réiḋ agad?
Aċt giḋ bé ar biṫ mar tá, ar seision, Léig ḋaṁ rioṫ. Agus a dúḃairt seision ris, Rioṫ. Ann sin do rioṫ Ahimaas a sliġe an réitiġ, agus do rioṫ roiṁe Ċúsi.