20 Agus a duḃairt Ióab ris, Ní ḃéara tú scéula leaċd a niuġ, do ḃríġ gur ṁarḃaḋ mac an ríġ, aċd béara tú scéula leaċd lá oile: aċd a níuġ ní ḃcara tú sceula ar biṫ.
Agus a duḃairt fear na faire, Dar liom is cosṁuil rioṫ an ċéud duine re rioṫ Ahimaas ṁic Sadoc. Agus a dúḃairt an ríġ, Is duine maiṫ sin, agus atáid scéula maiṫe leis.
Agus a dúḃairt an ríġ, An ḃfuil an tógánaċ Absolon slán? Agus do ḟreagair Ahimaas, A nuáir do ċuir Ióab searḃḟoġantuiġ an ríġ, agus misi do ṡerḃíseaċ, air siuḃal, do ċonnairc mé giorac mór, aċt ní raiḃ a ḟios agam cred do ḃí ann.
Agus do corruiġeaḋ an ríġ go mór, agus do ċuáiḋ súas don tséomra ós cionn an ġeata, agus do ġuil sé: agus ag imṫeaċd dó, a dúḃairt mar só, O a ṁic Absolon, a ṁic, a ṁic Absolón, do ḃféarr liom gur mé féin do ġeaḃaḋ bás ar do ṡon, ó Absolon, a ṁic, a ṁic!
Agus do aiṫin an ríġ do Ióab, agus do Abisai agus do Ittai, ḋa ráḋ, Déanuiḋ go macánta air mo ṡonsa ris a nóganaċ, ré Habsolon. Agus do ċúaluiḋ an slúaġ uile á núair ṫug an ríġ an nfúagrasin do na caiptíniḃ uile a ttáoḃ Absoloin.