Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 18:19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 ¶ Ann sin a duḃairt Ahimaas ṁac Sadoc, Léig ḋaṁsa anois ríoṫ, agus scéula do ḃreiṫ ċum an ríġ, mar do ḋioġuil an TIĠEARNA é ar a naṁuid.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 18:19
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A duḃairt an ríġ mar an gcéadna re Sádoc an sagart, Naċ fear fise ṫúsa? fill don ċaṫruiġ a sioṫċáin, agus do ḋías mac ad ḟoċair, Ahimaas do ṁac féin, agus Ionatan ṁac Abiatar.


Féuċ atá na ḃfoċair annsin a ndias mac, Ahimaas mac Sadoc, agus Ionatan mac Abiatar; agus leó sin ċuirfe siḃ ċugamsa gaċ éinní dá ccluinfe siḃ.


Anois dfan Ionatan agus Ahimaas ag En‐rogel; (óir níor ḃáill leó a ḃfaicsin ag teaċd don ċaṫruiġ): agus do ċuáiḋ cailin agus dinnis sí scéula ḋóiḃ; agus do ċuadarsan agus dinnisiodar do Ḋáiḃi ríġ é.


Agus a duḃairt Ióab ris, Ní ḃéara tú scéula leaċd a niuġ, do ḃríġ gur ṁarḃaḋ mac an ríġ, aċd béara tú scéula leaċd lá oile: aċd a níuġ ní ḃcara tú sceula ar biṫ.


Aċt giḋ bé ar biṫ mar tá, ar seision, Léig ḋaṁ rioṫ. Agus a dúḃairt seision ris, Rioṫ. Ann sin do rioṫ Ahimaas a sliġe an réitiġ, agus do rioṫ roiṁe Ċúsi.


Agus, féuċ, ṫáinic Cúsi; agus a duḃairt Cúsi, Scéula dom ṫiġearna an ríġ: óir do ḋioġuil an TIĠEARNA ṫusa a niuġ ar an méid déiriġ súas ad aġaiḋ.


Do ċonnairc tú é; oir do ḃeir tú aire durċóid agus do ṁioscuis, ċum a ċúitiġ led láiṁ: tiomnuiġiḋ an boċd é féin duit; is tú coḃarṫóir na ndílleaċd.


Ċum breiṫeaṁnuis do ḋéanaṁ air an ndílleaċd agus air an té foiréigeantar, ċor naċ éigneoċaiḋ fear na talṁan ní buḋ mó.


Eíriġ, a ṪIĠEARNA, an ṫfeirg, tóg súas ṫú féin tre anḃuirbe mo naiṁdesi: agus múscuil ar mo ṡonsa ċum an ḃreiṫeaṁnuis noċ do ḟúagruis.


Aiṫeantar an TIĠEARNA ris an mbreiṫeaṁnus noċ ċuireann sé a ḃféiḋm: gaḃṫar an ciontaċ a nobair a láṁ féin. Higgaion. Selah.


Oír do ċoṫuiġis mo ċeart, agus mo ċúis; do ṡuiġis san nárdċaṫaoir ag breaṫnuġaḋ ceirt.


Rioṫfuiḋ posta do ṫeagṁáil re ar oile, agus teaċtaire do ṫeagṁail ré ar oile, dá ḟoillsiuġaḋ do ríġ na Babilóine gur gaḃaḋ an ċaṫair fá ḋeireaḋ,


A ċairde gráḋaċa, ná déunaiḋ dioġaltus ar ḃur son féin, aċd fanaiḋ ris an ḃfeirg: óir atá sgríoḃṫa, Is leamsa an dioġaltus; do ḃéura mé cúitiuġaḋ uáim, a deir an Tiġearna.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ