17 Agus do ṫógḃadar Absolon, agus do ṫeilgeadar a bpoll ṁór ar an ccoill é, agus do leagadar cárn ro ṁór cloċ áir: agus do ṫeiṫ Israel uile gaċ áon dá ṗáillíun féin.
Agus ṫáinic Ióab don tiġ ċum an ríġ, agus a duḃairt sé, Ṫug tú náire a niuġ daiġṫiḃ na serḃíseaċ uile, noċ do ċuṁdaiġ hanum a niuġ, agus anmanna do ṁac agus hinġean, agus anmanna do ḃan, agus anmanna do leannán;
Annsin déiriġ an ríġ agus do ṡuiġ annsa ġeata. Agus dinnsiodar don ṗobal, ḋa ráḋ, Féuċ, atá an ríġ na ṡuiḋe san ġeata. Agus ṫáinic an pobal uile a ḃfiaḋnuise an ríġ: óir do ṫeiṫ Israel uile gaċ áon da lóistín féin.
¶ Agus do ḃí an pobal uile a nimreasain ar feaḋ ṫreaḃ Israel uile, ḋá ráḋ, Do ċuṁduiġ an ríġ sinn ó láṁuiḃ ar náṁad, agus do ṡáor sinn ó láṁuiḃ na Ḃṗilístineaċ; agus a nois do ṫeiṫ sé as a ttír roiṁe Absolon.
Agus tárla go raiḃ óglaċ do Ḃelial annsin dar ḃamm Séba, ṁac Biċri, Beniamiteaċ: agus do ṡéid sé stoc, agus a duḃairt, Ní ḃfuil cuid ar biṫ aguinne a Ndáiḃi, ní mó atá oiġreaċd aguinn a mac Iesse: ṫéiġeaḋ, gaċ éanduine dá lóistín féin, O Israel.
Ann sin do ċúaiḋ an ḃean mar a raiḃ an pobal uile iona gliocus. Agus do ḃeanadar a ċéann do Ṡéba ṁac Biċri, agus do ṫeilgeadar amaċ ċum Ióab é. Agus do ṡéid seision stoc, agus dfilleadar ón ċaṫruiġ gaċ éanduine ḋá ṫiġ féin. Agus dfill Ióab go Hierusalem ċum an ríġ.
Marsin do ċuáiḋ Ióram anonn go Sair, agus na carbuid uile leis: agus déiriġ sé san noiḋċe, agus do ḃúail na Hedomítiġ noċ ṫáinic gaċa táoḃa ḋe, agus do ṫeiṫeadar caiptíniġ na ccarbad: agus an pobal dá bpáilliúnuiḃ.
Agus cloċfuid lúċd a ċaiṫreaċ uile é lé cloċuiḃ, nó go raiḃ marḃ: mar sin ċuirfeas tú an tolc ar gcúl uáit; agus cluinfiḋ Israel uile sin, agus biáiḋ eagla orra.
Agus tárla a nam dul faói na gréine, gur ḟúagair Iosua, agus tugadar a núas as na crannuiḃ íad, agus do ṫeilgeadar an sa núaṁuiġ íad mar a raḃadar a ḃfolaċ, agus do ċuireadar cloċa móra a mbéul na húaṁa, noċ ṁairios gus a niuġ.
Agus do ṫogḃadar leaċda mór cloċ ós a ċionn gus a niuġ. Mar sin do ḟill an TIĠEARNA ó ḟíoċ a ḟeirge. Uime sin, do goireaḋ, Gleann Aċor dainm don náitsin gus a niuġ.
Agus do ċroċ sé riġ Aí ré crann go tráṫnóna: agus ar ball a ndeaċuiḋ an ġrían faói, do ḟúagair Iosua a ċorp do leagaḋ a nuas don ċrann, agus a ṫeilgion a ndul a steaċ ġeata na caiṫreaċ, agus da ṫógḃadár cárn mór ós a ċionn, noċ ṁairios gus a niuġ.
¶ Agus do ṫroideadar na Ṗilistiniġ, agus do cláoiḋeaḋ Israel, agus do ṫeiṫeadar gaċ áon aca a steaċ ḋá lóistin: agus do ḃí an tár ro ṁór; óir do ṫuit Disrael tríoċad míle coisiġ.