14 Ann sin a duḃairt Ióab, Ní ḟéuduimsi fuireaċ marso agad. Agus rug sé ar ṫrí gaéṫe iona láiṁ, agus do ṡaiṫ sé tré ċroiḋe Absolon íad, an fad do ḃí sé fós béo a lár na daruiġ.
Anois ar a naḋḃarsin ní ḋeíleoċuiḋ an cloiḋeaṁ re do ṫiġ ċoiḋċe; do ċionn mar do ṫarcuisniġ tú misi, agus go ttug tú bean Uriah an Hititiġ dá beiṫ na mnáoi ḋuit féin.
Uime sin a duḃairt sé ré na ṡearḃḟoġantuiḃ, Féuċaiḋ, atá maċaire Ióab láiṁ rem ṁaċáiresi, agus atá eórna aige ann sin; éirġiḋe agus cuirfiḋ teine innte. Agus do ċúadar searḃḟoġantuiġiḋ Absolon, agus do ċuireadar an maċaire tre ṫeine.
Agus do aiṫin an ríġ do Ióab, agus do Abisai agus do Ittai, ḋa ráḋ, Déanuiḋ go macánta air mo ṡonsa ris a nóganaċ, ré Habsolon. Agus do ċúaluiḋ an slúaġ uile á núair ṫug an ríġ an nfúagrasin do na caiptíniḃ uile a ttáoḃ Absoloin.
¶ Agus do ċuir Dáiḃi ríġ fios go Sadoc agus go Abiatar na sagairt, ḋa ráḋ, Laḃruiḋ ré seanuiḃ Iúdah, ḋa raḋ, Creád fa ḃfuiltíse air deireaḋ do ḃreiṫ an ríġ air ais da ṫiġ? ó ṫáinic coṁráḋ Israel uile go nuíge an ríġ ḋa ṫiġ.
Oír an tan déuruid síad, Síoṫċáin agus neambáoġal; tiucfuiḋ sgrios obann orrṫa an tan sin, mar ṫig ioḋana go mnaói ṫorruiḋ; agus ní ḃéuruid íad féin as.
Annsin do ġlac Iael bean Héber táirrnge don ṗáillíun, agus do ġlac geannaire na láiṁ, agus do ċuáiḋ go mía ċuige, agus do ḃuáil an táirrnge iona ċamóig ara, agus do ḋaíngniḋ annsa taluṁ é: (óir do ḃí sé na ṡúan ċodalta agus curṫa.) Mar sin fuáir sé bás.
Do ċuir sí a láṁ ansa táirnge, agus a láṁ ḋeas ar gceannaire na noibriġeaḋ; agus do ḃúail sí Sisera leis an ngeannaire, do ġeárr sí a ċeann de, núair do ṫoll sí agus do ḃúail si é tre na ċamóig ara.
Marsin a ṪIĠEARNA go gcláoiḋtear do naiṁde uile: aċ bíoḋ an ṁeid ler ḃionṁuin é mar an ngreín a núair éirġios súas iona neart. Agus do ḃí súaiṁnios agan taluṁ ceaṫraċad blíaḋan.