11 Agus a duḃairt Ióab ris an té dinnis sin dó, Agus, féuċ, ó ċonnairc tú é, cred fa nar ḃuáil tú ann sin go taluṁ é agus do ḃéaruinnsi deiċ seceil airgid duit, agus crios.
Agus a duḃairt an tóglaċ re Ióab, Dá ḃfaġuinsi míle secel airgid ann mo láiṁ, ní ṡínfinn mo láṁ amaċ a naġaiḋ ṁic an ríġ: óir dfúagair an ríġ dar laṫair ḋuitsi agus do Abisai agus do Ittai, ġa ráḋ, Tugaiḋ ḃur naire naċ beanfaḋ áonduine ris a nógánaċ Absolon.
Agus abruiḋ ré Amasa, naċ dom ċnáiṁ, agus dom ḟeóilse ṫusa? Go ndéarna Día sin, agus fós níos mó rinmsa, muna raiḃ tusa ad ċaiptín an tslóiġ agamsa ċoiḋċe a náit Ióab.
Oír do rinne an náṁaid manam do ainleanṁain; do leag sé manam ċum na talṁan; ṫug sé orum coṁnuiġe do ḋéanaṁ a ndorċadas, mar an druing atá marḃ re fada.