Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 17:23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 ¶ Agus a núair do ċonnairc Aċitoṗel nar leanaḋ a ċoṁairle, do ċuir sé díalláoid ar a assal, agus déiriġ, agus do ċuaiḋ a ḃaile ḋa ṫiġ, da ċaṫruiġ, agus do ċuir a ṫiġ a norduġaḋ, agus do ċroċ sé é féin, agus fuáir bás, agus do haḋlaiceaḋ é a núaiġ a aṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 17:23
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuir Absolom fios ar Aċitoṗel an Giloníteaċ, coṁairleaċ Ḋáiḃi, óna ċaṫrúiġ féin, ó Ġiloh, ann feaḋ do ḃí ag déanaṁ ioḋbarṫa. Agus do ḃí an ċealg láidir; óir do ḃí an pobal ag méaduiġaḋ a ccoṁnuiġ ag Absolon.


¶ Agus dinnis duine do Ḋáiḃi, ḋa ráḋ, Atá Aċitoṗel a measg na ndróiċṫionnsgantaċ a ḃfoċair Absolon. Agus a duḃairt Dáiḃi, O a ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, iompóiġ coṁairle Aċitoṗel a namadánaċd.


Agus do ḃí coṁairle Aċitoṗel, noċ do ḃeireaḋ sé uaḋ annsna laeṫiḃ sin, aṁuil mar do ḟíafroċaḋ duine briaṫar Dé: mar sin do ḃí coṁairle Aċitoṗel uile aráon ag Dáiḃi agus ag Absolon.


Agus deíriġ Dáiḃí, agus a raiḃ do ḋaóiniḃ na ḟoċair, agus do ċuádar, anonn tar Iordan: suil ṫáinic solus na maidne níor ṫéastuiġ duine ḋíoḃ gan dul a nonn tar Iordan.


Agus tárla, a núair do ċonnaire Simri gur ġaḃaḋ an ċaṫair, go ndeaċaiḋ sé go pálás ṫiġe an ríġ, agus do ċuir sé tiġ an ríġ tre ṫeine ós a ċionn, agus déug sé,


An sna láeṫiḃsin do ḃí Heseciah tinn ċum báis. Agus ṫáinig an fáiġ Isaiah mac Amos ċuige, agus a duḃairt ris, Is marso a deir an TIĠEARNA, Cuir do ṫiġ a nórduġaḋ; óir eugfuiḋ tú, agus ní ṁairfiḋ tú.


Naċ ḃfuil scrios a ndán don droċḋuine? agus pionús iongantaċ do luċt oibriġṫe a néigceirt?


Go má hé so luáiḋeaċt measccarrad ón TIĠEARNA, agus na druinge noċ laḃrus olc a naġaiḋ manma.


Scrios íad, a Ḋé; leagṫar íad le na ccoṁairliḃ féin; teilg amaċ íad a niomadaṁlaċd a míġníoṁ; óir do rinneadar easáonta ad aġaiḋ.


Aċa tusa, a Ḋé, ḃéaras síos íad go poll an ḃáis: ní ṁairfid daoine fuilteaċa agus cealgaċa leiṫ a láeṫeaḋ; Aċt biáiḋ mo ḋóiġse ionnadsa.


Ṫig an túaḃar roiṁe a naiḋṁilleaḋ, agus áirdspiorad roiṁe an leagaḋ.


Malluiḋ amadánaċt an duine a ṡliġe: agus bí fearg air a ċroiḋe a naġaiḋ an TIĠEARNA.


Annsna láeṫiḃsi do ḃí Heseciah tinn ċum báis. Agus ṫainic an fáiḋ Isaiah ṁac Amos ċuige, agus a duḃairt ris, Marso a deir an TIĠEARNA, Cuir do ṫiġ a nórduġaḋ: óir do ġeaḃa tú bás, agus ní ṁairfe tú.


Agus ar dteilgean na bpíosaḋ airgid úaḋ ann sa teampoll, do ḋealuiġ sé ríu, agus ar nimṫeaċd do ṫoċd sé é féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ