22 Agus deíriġ Dáiḃí, agus a raiḃ do ḋaóiniḃ na ḟoċair, agus do ċuádar, anonn tar Iordan: suil ṫáinic solus na maidne níor ṫéastuiġ duine ḋíoḃ gan dul a nonn tar Iordan.
Agus tárla, a nuáir do imṫiġeadar, go ttangadarsan a níos as an ttobar, agus dimṫiġeadar agus dinnsiodar do Ḋáiḃi ríġ, agus a‐duḃradar ré Dáiḃi, Eiriġ, imṫiġ tar a nuisge go luáṫ: óir marso ṫug Aċitoṗel coṁairle ad aġaiḋ.
¶ Agus a núair do ċonnairc Aċitoṗel nar leanaḋ a ċoṁairle, do ċuir sé díalláoid ar a assal, agus déiriġ, agus do ċuaiḋ a ḃaile ḋa ṫiġ, da ċaṫruiġ, agus do ċuir a ṫiġ a norduġaḋ, agus do ċroċ sé é féin, agus fuáir bás, agus do haḋlaiceaḋ é a núaiġ a aṫar.