Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 17:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus a duḃairt Absolon agus fir Israel uile, As feárr coṁairle Ċusai an Tarċíteaċ ná coṁairle Aċitoṗel. (Oir do órduiġ an TIĠEARNA coṁairle ṁaiṫ Aċitoṗel do ċur air ccúl, ċor go ttiuḃraḋ an TIĠEARNA olc air Absolon.)

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 17:14
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ráiḋ seision, Ní goirfear Iácob ḋíot feasda mar ainm, aċ Israel: óir atá cuṁaċda agad mar ṗrionnsa ré Día, agus ré daóiniḃ agus do rug tú buáiḋ.


¶ Agus dinnis duine do Ḋáiḃi, ḋa ráḋ, Atá Aċitoṗel a measg na ndróiċṫionnsgantaċ a ḃfoċair Absolon. Agus a duḃairt Dáiḃi, O a ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, iompóiġ coṁairle Aċitoṗel a namadánaċd.


Aċt má ḟilleann tú don ċaṫruiġ, agus a raḋ re Habsolon, Biáiḋ mé am ṡearḃḟoġantuiġ agadsa, a ríġ; mar do ḃí mé am ṡearḃḟoġantuiġ ag haṫair go ttí so, mar sin ḃías mé mar an gcéadna am ṡearḃḟoġantuiġ agadsa: annsin féadfuiḋ tú coṁairle Aċitoṗel do ċur ar neiṁní ar mo ṡonsa.


Agus do ḃí coṁairle Aċitoṗel, noċ do ḃeireaḋ sé uaḋ annsna laeṫiḃ sin, aṁuil mar do ḟíafroċaḋ duine briaṫar Dé: mar sin do ḃí coṁairle Aċitoṗel uile aráon ag Dáiḃi agus ag Absolon.


Marsin ní ṫug an ríġ toraḋ air an bpobal: óir is ó Ḋía do ḃí an ċúis, ċor go ccoiṁéollaḋ an TIĠEARNA a ḟocal, noċ do laḃair se re láiṁ Ahiiah an Siloniteaċ re Ieroboam ṁac Nébat.


Aċt do ḋiúlt seision an ċoṁairle ṫugadar na seandaóine ḋó, agus do rinne sé coṁairle ris na dáoiniḃ óga tugaḋ súas na ḟoċair fein, agus do ṡeas dá laṫair.


Agus tárla, mar do ḃí sé ag caint ris, go nduḃairt an riġ ris, A ndéarnaḋ coṁairleaċ don ríġ ḋíotsa? coisc; cred fá mbuailfiḋ ṫú? Annsin do ċoisc an fáiġ, agus a duḃairt sé, aiṫniġim gur ċinn an TIĠEARNA ar do ṁilleaḋ, do ḃríġ go ndearna tú so, agus nár éist tú rem ċoṁairlesi.


Aċt níor ḃáill le Amasiah sin do ċluinsion; óir is ó Ḋía do ḃí sin, ċor go seaċódaḋ sé íad a láiṁ a náṁad, do ḃríġ gur leanadar a ndiáiġ ḋée Edom.


Agus tárla, a nuáir do ċúaladar an naṁuid go ḃfúaramairne scéula, agus go ttug Dia a ccoṁairlesion a neiṁni, gur ḟilleamar uile ar an mballa, gaċ aon dinn ar a ċuid oibre féin.


Beiriḋ sé coṁairliġ leis ar na milleaḋ, agus do ní sé óinṁide do na breiṫeaṁnuiḃ.


Do sluigeaḋ síos na geinte annsa ċlais noċ do rinneadar: annsa líon noċ do ḟoluiġeadar do gaḃaḋ a ccos féin.


Aiṫeantar an TIĠEARNA ris an mbreiṫeaṁnus noċ ċuireann sé a ḃféiḋm: gaḃṫar an ciontaċ a nobair a láṁ féin. Higgaion. Selah.


Agus go deiṁin is uime so do ṫóg mé ṫusa súas, ionnus go ttáisbeanfuinn ionnadsa mo ċuṁaċda; agus go ḃfoillseoċuiḋ mainm ar feaḋ an doṁuin uile.


Bíd mórán tionnsgantaḋ a gcroiḋe an duine; ṫairis sin a si coṁairle an TIĠEARNA, ṡeasfas.


Ní ḃfuil eagna ná tuigsi ná coṁairle a naġaiḋ an TIĠEARNA.


Gaḃuiḋ coṁairle re ċéile, agus ní ḃía bríġ ann; abraiḋ an focal, agus ní ṡeasfuiḋ sé: óir atá Día linne.


¶ Cía hé an té a deir, agus go dtiucfa a ccríċ, a nuáir naċ áiṫniġionn an TIĠEARNA é?


Agus dá mbeiṫ go ḃfoileoċaidís íad féin a mullaċ Ċarmel, spíonfa misi agus do ḃéara mé as sín íad; agus da mbeiṫ go mbeidís a ḃfolaċ óm raḋarc a níoċtar na fairge, annsin áiṫeonuiḋ mé don naiṫir niṁe, agus beanfuiḋ sí greim asta:


Agus do ṁol an tiġearna sdíoḃard na héugcóra, do ḃriġ go ndearuiḋ sé ní glic: oír is glíoca clann an tsáoġailsi ná clann an tsolais iona gcinél féin.


Oír is aiṁġliocas ré Día gliocas an tsáoġalsa. Oír atá sgríoḃṫa, Greamuiḋe sé na dáoine glioca ann a sliġṫiḃ féin.


Aċd nior áill lé Sihon ríġ Hesbon léigean dúinn gaḃáil ṫairis: óir do crúaḋuiġ an TIĠEARNA ḃur Ndíasa a spiorad, agus do rinne sé a ċroiḋe easuṁal, ċor go seaċódaḋ sé ad láiṁse é, mar as follus a niuġ


Oír is ón TTIĠEARNA ṫáinic crúaḋuġaḋ a ccroiḋeaḋ, ċor go ttiucfaidís a naġaiḋ Israel a gcaṫ, ċor go muirfeaḋ íad uile ṫríd amaċ, agus ionnus naċ ḃfuiġdis tairiseaċd air biṫ, aċ go scríosfaḋ sé íad, mar do aiṫín an TIĠEARNA do Ṁaoisi.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ