12 Marsin tiucfaimne airsion giḋ bé ait a ḃfuiġṫear é, agus tuirleongam air do nós an drúċda ṫuitios ar taluṁ: agus de féin nó déanduine da mbía aige ní fúigfiḋear oiread éanduine.
Uime sin do ċuir Ben‐hadad fios ċuige, agus a duḃairt, Go ndéarnuid na deé sin riomsa, agus nios mó fós, má líonann luáiṫreaḋ Ṡamária lán duirn do gaċ duine da ḃfuil am ḟoċairse.
Anois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫu, taḃair braiġde dom ṫiġearna ríġ na Hássíria, agus do ḃeára misi ḋá ṁíle eaċ ḋuit, má ṫig ḋíot ar do ṡon féin marcṡlúaġ do ċur orra.
¶ Do ṁeall úaḃar do ċroiḋe ṫú, ṫusa ċoṁnuiġios a scalpuiḃ na carrag, ar ḃárd hionad coṁnuiḋe, noċ a deir iona ċroiḋe, Cía ḃéaras misi síos ċum na talṁan?
Agus biáiḋ íarsma Iácob a measc ṁóráin daóine aṁuil drúċt ón TTIĠEARNA, aṁuil ceaṫa air an ḃféur, naċ ḃfanann re duine, agus naċ ḃfeiṫionn air ṁacaiḃ na ndaóine.
Féaċaiḋ ar a naḋḃarsin, agus beiriḋ éolus ar na huile áitiḃ díaṁra mar a ḃfoluiġeann sé é féin, agus tigiḋ ċugamsa a rís le deiṁin, agus raċaiḋ mé liḃ: agus tiucfaiḋ a gcríċ, má ḃíonn sé annsa tír, go spíonfuíḋ misi amaċ é ar feaḋ uile ṁílteaḋ Iudah.