Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 17:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus fós an té atá curata, a ḃfuil a ċroíḋe mar ċroiḋe leoṁuin, leaġfuiḋ sé go hiomlán: óir atá a ḟios ag Israel uile gur duine cróḋa haṫair, agus an luċd atá na ḟoċaír gur dáoine cróḋa íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 17:10
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is coilén leoṁain Iúdah: ón ċreiċ do ċúaiḋ tú súas, a ṁic: do ċrom sé síos, do luiġ sé mar leoṁan, agus mar ṡeanleóṁan; agus cía ḋúiseoċus súas é?


Saul agus Ionatan do ḃádar gráḋaċ sólasaċ ann a mbeaṫaiḋ, agus ann a mbás níor roinneaḋ íad: bá luáiṫe íad ná ioluir, bá láidre ná leoṁuin iad.


Féuċ, atá sé anois a ḃfolaċ a bpoll éigin, nó a náit éigin oile: agus teigeoṁuiḋ, a núair ṫuítfid cuid aca ar ttús, go naibeora gaċ a ccluinfiḋ é, Atá ár a measg na ndáoine a leanas Absolon.


Agus Benaiah mac Iehoiada, mac duine ċurata, ó Ċabseel, noċ do rinne móirġnioṁa, do ṁarḃ sé días fear leoṁanta do Ṁóab: do ċuáiḋ sé síos mair an gcéadna agus do ṁarḃ sé leoṁan a lár cuife an aimsir ṡneaċda:


Annsin do laḃair tú a ttaiḋḃsi red náoṁuiḃ, agus duḃairt tú, Do ċuir mé furtaċd ar ḋuine ċuṁaċtaċ; dárduiġ mé neaċ toġṫa as an bpobal.


Ann sin béid duiḃciḋe Edom lán díongantus; daóine cuṁaċdaċa Moab, géuḃuiḋ criṫ greim orra; leiġfid áitreóiriġ Ċanaain uilé.


Teiṫid na cionntuiġ a nuáir naċ bí áonduine dá ttóruiġeaċt: áċt bíd na hionnruic dána aṁuil leoṁan.


Féuċ a leabuiḋ, noċ is le Solaṁ; atáid trí fiṫċid fear cróḋa na ṫimċioll, do ċuraḋuiḃ Israel.


Uimesin biáiḋ a nuile láṁ lag, agus leaġfuiḋ croiḋe gaċ áonduine:


Ualaċ na Hégipte. Féuċ, atá an TIĠEARNA ag marcuiġeaċd ar néull lúaṫ, agus tiucfa don Négipt: agus áṫroċṫar ioḋail na Hégipte le na ḟaicsin, agus leiġfiḋ croiḋe na Hégipte iona lár.


Do ṡuiġiḋ mé bairrḋeis an ċloiḋiṁ a naġaiḋ a ngeataḋ uile, ċor go meirtneoċaḋ a ccroiḋe, agus go méideoċṫar a naiḋṁillte: uċ! do rinneaḋ loinnreaċ é, do filleaḋ súas ċum a náir é.


Cáit a raċum súas? do ḋroiċṁeisniġeadar ar ndearḃráṫre ar gcroiḋe, ḋá ráḋ, Is mó agus is árraċduiġ na daoine úd ná sinne; atúid na caiṫreaċa mór agus ár na mballuġaḋ súas go neaṁ; agus fós do ċoncamar mic Anacim ann.


Do ṁúċ neart na teineaḋ, do ċuáiḋ as ó ḟáoḃar an ċloiḋiṁ, tugaḋ ó laige go láidireaċd, do rinneaḋ neartṁar a gcaṫ, do ċuir a dteiṫeaṁ sluáiġe na neaċdrannaċ.


Ann sin do ḟreagair aon do na serḃíseaċaiḃ, agus a duḃáirt, Féuċ, do ċonnairc misi mac do Iesse an Betlehemíteaċ, noċ atá eólaċ a seinm, agus na ḋuine ro láidir ġaisgeaṁuil, agus na ḟear cogaiḋ, agus glic a ccúisiḃ, agus na ḟear sgíaṁaċ, agus atá an TIĠEARNA maille rís.


¶ Agus a duḃairt Saul re Dáiḃi, Féaċ minġean is sine Merab, do ḃéara mé ḋuit í na mnaói: aċd aṁáin bí cróḋa ar mo ṡon, agus troid caṫa an TIĠEARNA: óir a duḃairt Saul, Ná beanaḋ mo láṁsa ris, aċd bioḋ láṁ na Ḃṗilistineaċ air.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ