9 ¶ Ann sin a duḃairt Abisai ṁac Seruiah ris an ríġ, Cred fá malluiġionn an madraḋ marḃso mo ṫiġearna an ríġ? guiḋim ṫú, léig ḋaṁ dul anonn, agus a ċeann do ḃuáin de.
Agus a duḃairt Dáiḃi, Créd ta agamsa re deanaṁ riḃse, a ċlann Ṡeruiah, go mbiaḋ siḃ a niuġ ag cur am aġaiḋ? an gcuirfiġear éanduine ċum báis a niuġ a Nisrael? óir naċ ḃfuil a ḟios agumsa go ḃfuilim féin a niuġ am ríġ ós cionn Israel?
Ann sin do ḃí Abner ro ḟeargaċ tré ḃríaṫraiḃ Isbóset, agus a duḃairt sé, An ceann madruiḋ misi, noċ ṫaisbeanus cinéul a niuġ a naġaiḋ Iúdah do ṫiġ Ṡauil haṫairsi, dá ḋearḃráiṫriḃ, agus dá ċáirdiḃ, agus nar ṡeaċaid mé ṫusa a láiṁ Ḋáiḃi, as a ḃfuil tú a niuġ ag cur ċoire am leiṫ a ttáoḃ na mnása?
Agus an tráṫ do ċuncadar a ḋeisciobuilsion Séumas agus Eóin so, a duḃradar, A Ṫiġearna, a naill leaċd go nabramáois teine do ṫeaċd a núas ó neaṁ, dá losaḋ síad, mar do rinne Elías leis?