5 ¶ Agus a núair ṫaínic Dáiḃi ríġ go Bahúrim, féuċ, ṫáinic as sin amaċ óglaċ do ṁuinntir ṫiġe Ṡauil, dar ḃainm Símei, mac Géra: ṫáinic sé amaċ, agus é ag malluġaḋ do gnáṫ ag teaċd.
Annsin a duḃairt an ríġ re Síba, Féuċ, is leaċdsa a ḃfuil ag Meṗibóset. Agus a duḃairt Siba, Iarruim go huṁal ort go ḃfaġá mé grása ad raḋarc, mo ṫiġearna a riġ.
Giḋeaḋ do ċonnairc búaċaill íad, agus dinnis sé sin do Absolon: aċd dimṫiġeadarsan aráon go lúaṫ, agus tangadar go tiġ ḋuine ann Bahúrim, agá raiḃ tobar ann a ċúirt; mar a ndeaċadar síos.
Oír is é sin a ḟolaċ a ṁain, is é a ċulaiḋ ḋá ċroiceann é: cread ann a ccoideoluiġ sé? agus tiocfa a ccríċ, a nuáir éiġfeas orumsa, go ccluinfe mé é; óir ataim grásaṁuil.
¶ Ná malluiġ an ríġ, ní heaḋ ná déana ann hinntin; agus ná málluiġ an saiḋḃir ann do ṡeomra leapṫa: óir iomċóruiġ éun a naiéir do ġlór, agus an ní ar a ḃfuilid sciaṫáin inneosuiḋ sé an ċúis.
Agus raċaiḋ gaċ áon ṫríd, ar na ccur ċuige go crúaḋċúiseaċ agus ocraċ: agus tiucfuiḋ a ccríċ, a nuáir ḃías gaċ áon aca ocraċ, feargaċuid féin, agus mailleoċuid a ríġ, agus a Ndia, agus féuċfuid súas.