4 Annsin a duḃairt an ríġ re Síba, Féuċ, is leaċdsa a ḃfuil ag Meṗibóset. Agus a duḃairt Siba, Iarruim go huṁal ort go ḃfaġá mé grása ad raḋarc, mo ṫiġearna a riġ.
Agus do ṫuit Ioab ar a aġaiḋ go taluṁ, agus do ċláon é féin, agus rug buiḋeaċus ris an ríġ: agus a duḃairt Ióab, A niuġ aiṫniġiḋ do ṡearḃḟoġantuíġ go ḃfuáir mé grása ann do raḋarc, a ṫiġearna, mo ríġ, do ḃríġ gur ċoiṁlíon an ríġ íarratus a ṡearḃḟoġantuiġ.
Agus a duḃairt an ríġ, Aċ cáit a ḃfuil mac do ṁaiġistir? Agus a duḃairt Siba ris an ríġ, Féuċ, atá sé ann Ierusalem: óir a duḃaírt sé, A niuġ aiseogus tiġ Israel daṁsa riogaċd maṫar.
¶ Agus a núair ṫaínic Dáiḃi ríġ go Bahúrim, féuċ, ṫáinic as sin amaċ óglaċ do ṁuinntir ṫiġe Ṡauil, dar ḃainm Símei, mac Géra: ṫáinic sé amaċ, agus é ag malluġaḋ do gnáṫ ag teaċd.
Agus do scannluiḋ sé do ṡerḃíseaċ rem ṫiġearna an ríġ; aċd atá mo ṫiġearna an ríġ aṁuil aingeal o Ḋía: déana ar a naḋḃarsin an ní is féarr do ċítear ḋuit.
Anois a nuáir ṫáinic Meṗibóset, ṁac Ionatain, ṁic Sauil, mar a raiḃ Dáiḃi, do ṫuit sé ar a aġaiḋ, agus do rinne sé uṁla. Agus a duḃairt Dáiḃi, A Ṁeṗibóset. Agus do ḟreagair seision, Féuċ do ṡearḃḟoġantuiġ!
¶ Ní lór éanḟíaḋnuisi aṁain déirġe a naġuiḋ ḋuine ar bíṫ ar son éaicceirt, nó ar son peacuiḋ ar biṫ, íona bpeacuiġioun sé: as béuldá ḟíaḋain, nó as béul ṫrí ḃfíaḋan, dearḃoċṫar an ċúis.