Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 16:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus a duḃairt Aċitoṗel re Absolon, Luiḋ le leannánuiḃ haṫar, noċ dfág sé a mbun an tiġ; agus cluinfid Israel uile go ḃfuil tu aḋḟúaṫṁar ag haṫar: annsin béid láṁa gaċ a ngaḃann leaċd láidir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 16:21
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Iácob ré Símeon, agus ré Léḃi, Do ċuireaḃair buáiḋreaḋ orum, mo ḋéanaṁ bréun a measg aitreaḃaḋ na tíre, a measg na Ccanaaniteaċ, agus a measc na Bperisiteaċ: agus gan mé aċ beagán a nuiṁir, cruinneoċuid íad féin uile am aġuiḋ, agus muirfid mé; agus sgriosfuiġer mé féin agus mo ṫiġ.


Agus tárla, a nuáir do ḃí Israel ná ċoṁnuiġe sa duṫaiġ sin, go ndeaċuiḋ Reuben, agus gur luiġ re Bilhah leannán aṫar: agus do ċúaluiḋ Israel sin. A nois clann Iácob bá ḋá ḟear ḋéag iad.


Agus do ḟill sé uirre ar a tsliġe, agus a duḃairt, Guiḋim ṫú luáiṫiġ ort, leig ḋaṁ a ḃeiṫ agad; (óir ní raiḃ a ḟios aige gur ḃí bean a ṁic í.) Agus a duḃairt sisi, Créud do ḃéura tú ḋaṁ do ċionn a ḃeiṫ agam?


Do ḃádar aiṫiṫe ar an ttalaṁ ann sna laeṫiḃ sin; agus mar an ccéudna na ḋiáiġ sin, a nuair ṫangadar mic Dé a steaċ ċum inġeana na ndáoine, agus rugadar clann dóiḃ, do ḟásadar sin na ndáoiniḃ árrṫaċda, noċ do ḃí san tseanaimsir na ndáoiniḃ iomráiteaċ.


¶ Agus a núair do ċonncadar clann Ammon gur ḃréanadar a laṫair Ḋáiḃi, do ċuireadar clann Ammon teaċda úaḋa agus do ġlacadar air ṫuarusdal Sírianuiġ Ḃet‐rehob, agus Sírianuiġ Ṡóba fiṫċe míle coisiġ, agus ó ríġ Maacah míle fear, agus ó Istob ḋá ṁile ḋéug fear.


Is marso a deir an TIĠEARNA, Féaċ, tóigfe misi olc súas ad aġaiḋ amaċ as do ṫiġ féin, agus beanfa mé do ṁná ḋíot as coinne do ṡúl, agus do ḃéara mé dot ċoṁarsuinn íad, agus luiḋfiḋ sé led ṁnáiḃ a raḋarc na gréinesi.


Agus a duḃairt Ionadab ris, Luiḋ síos ar do leabuiḋ, léig ort féin ḃeiṫ tinn: agus a nuáir ṫiocfas haṫair dot ḟéaċuin, abair ris, Guiḋim ṫú, tigeaḋ mo ḋeirḃṡíur Támar, agus túgaḋ sí bíaḋ ḋaṁ, agus deasuiġeaḋ sí an bíaḋ am raḋarc féin, ċor go ḃfaicinn, agus go niṫinn é as a láiṁ.


Agus do ċuáíḋ an ríġ amaċ, agus muinntir a ṫiġe uile na ḋiáiġ. Agus dfág an ríġ deiċneaṁar ban, fá leannáin dó féin, do ċoiṁéad an tiġe.


¶ Ann sin a duḃairt Absolon re Aċitoṗel, Tugaiḋ coṁairle eadruiḃ cred ḋéanam.


Agus a duḃairt Ċusai ré Absolon, An coṁairle ṫug Aċitoṗel uaḋ ní maiṫ í ar a núairsi.


Ar a naḋḃarsin anois bidís ḃur láṁasa ar na neartuġaḋ, agus bíṫí curata: óir fúair Saul ḃur maiġistir bás, agus mar an gcéadna do ungadar tiġ Iúdah misi am ríġ ós a gcionn.


¶ Agus ṫáiníc Dáiḃi ḋa ṫiġ ann Ierusalem; agus do ġlac Dáiḃi an deiċneaṁar ban a leannáin, noċ dfág sé ag cuṁdaċ án tiġe, agus do ċuir a bpriosún íad, agus do ḃeaṫuiġ íad, aċd níor luiġ sé léo. Mar sin do ḃádar fá íaḋaḋ go ló a mbáis, béo a mbaintreaḃaċus.


Agus do ḃí sé na náṁuid ag Israel ar feaḋ ṡaoġail Ṡoluiṁ, taoḃ amuiġ don olc do rinne Hádad: agus do ḟúaṫaiġ se Israel, agus do ḃí na ríġ ós cionn na Síria.


Agus a duḃairt sé, Guiḋim ṫú, laḃair re Solaṁ an ríġ (óir ní ḋiultfa sé ṫú), go ttugaḋ sé Abisag an Sunamíteaċ na mnáoi ḋaṁsa.


Agus do ḟreagair an ríġ Solaṁ agus a duḃairt ré na ṁaṫair, Agus cred fá níarrann tusa Abisag an Sunamiteaċ do Adoniiah? íarr an rioġaċd dó mar an gcéaḋna; óir is é mo ḋearḃraṫair is sine é; eaḋon dó féin, agus do Abiatar an sagart, agus do Ióab mac Seruiah.


Ní léigfe tú tárrnoċd ṁná háṫar leis: is í sin tárrnoċd haṫar.


¶ Agus an duine luiḋeas lé mnáoi a aṫar do léig tarrnoċd a aṫar leis: báiseoċṫar íad a ráon go deiṁin; biaiḋ a ḃfuil orra féin.


Agus tiucfa a ccríċ, mar do ḃaḋḃair ḃur malluġaḋ a measg na ngeinteaḋ, a ṫiġ Iúdah, agus a ṫiġ Israel; marsin coiḃreoċa misi siḃ, agus béiṫi ḃur mbeannuġaḋ: na heagluiġiḋ, aċt bídís ḃur láṁa láidir.


Ata sé ḋá aiṫris go coitċeann go ḃfuil sdríopaċas eadruiḃ, agus a ionnṡaṁuil do sdríopaċas naċ ainmniġṫear a measg na Gcineaḋaċ féin, eaḋon go mbíaḋ bean á aṫar ag an mac.


Agus do ċúala Israel uile ḋá ráḋ gur ḃúail Saul daingneaċ do na Ṗilistíniḃ, agus mar an gceadna mar do ḃadar na Hisraeliteaċ nan aṫuaṁaireaċd aig na Ṗilistineaċ. Agus do goireaḋ an pobal a gcionn a ċéile a ndíaiġ Ṡauil go Gilgal.


Agus do ċreid Aċis Dáiḃi, ġa ráḋ, Ṫug sé ar a ṁuinntir féin Israel fúaṫ ṫríd amaċ do ḃeiṫ aca air; uime sin biáiḋ sé na ṡearḃḟoġantuiġ agumsa go bráṫ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ