Agus do ċuir Absolom fios ar Aċitoṗel an Giloníteaċ, coṁairleaċ Ḋáiḃi, óna ċaṫrúiġ féin, ó Ġiloh, ann feaḋ do ḃí ag déanaṁ ioḋbarṫa. Agus do ḃí an ċealg láidir; óir do ḃí an pobal ag méaduiġaḋ a ccoṁnuiġ ag Absolon.
Agus a duḃairt Aċitoṗel re Absolon, Luiḋ le leannánuiḃ haṫar, noċ dfág sé a mbun an tiġ; agus cluinfid Israel uile go ḃfuil tu aḋḟúaṫṁar ag haṫar: annsin béid láṁa gaċ a ngaḃann leaċd láidir.
Tigiḋ uáiḃ, déanam ríu go crionna, deagla go líonfaidís, agus go ttiucfaḋ ċum criċe, an tan ṫeigeoṁaḋ cogaḋ ann, go tteannfaidis mar an gcéadna lear náiṁdiḃ, agus go ttroidfidís ar naġuiḋ, agus go raċfaidís mar sin amaċ as a tír.
A ṁairg don droing ṫéid a ndoiṁne do ċeilt a ccoṁairle ón TTIĠEARNA, agus atáid a noibreaċa a ndorċadas, agus a deirid, Cía ċí sinn? agus cía agá ḃfuil éolus oruinn?