Aċt má ḟilleann tú don ċaṫruiġ, agus a raḋ re Habsolon, Biáiḋ mé am ṡearḃḟoġantuiġ agadsa, a ríġ; mar do ḃí mé am ṡearḃḟoġantuiġ ag haṫair go ttí so, mar sin ḃías mé mar an gcéadna am ṡearḃḟoġantuiġ agadsa: annsin féadfuiḋ tú coṁairle Aċitoṗel do ċur ar neiṁní ar mo ṡonsa.
Agus a duḃaírt Ċusai re Absolón, Ní heaḋ; aċd giḋ bé do ṫoġ an TIĠEARNA, agus an pobalsa, agus fir Israel uile, as aigesion ḃías misi, agus is na ḟoċair ḟanfas me.
Agus a duḃairt Dáiḃi re Aċis, Go deiṁin biáiḋ a ḟios agadsa cred ḟéadfas do ṡerḃíseaċ do ḋéanaṁ. Agus a duḃairt Aċis re Dáiḃi, Uime sin do ḋéana mé coiṁéaduiġe mo ċinn díot go bráṫ.
Agus a duḃairt Dáiḃi re Aċis, Aċ cred do rinne mé? agus cred fuair tú ann do ṡearḃḟoġantuíġ an fad atáim agad gus an ló a niuġ, as naċ ḃféaduim dul do ṫroid re naiṁde mo ṫiġearna an ríġ?