Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 16:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus tárla, a nuáir ṫáinic Ċusai an Tarċiteaċ, cara Ḋáiḃi, ċum Absoloin, go nduḃairt Ċusai re Absolon, Go mairiġ an ríġ, Go mairiġ an ríġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 16:16
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus tárla, a núair ṫáinic Dáiḃi go mullaċ an tsléiḃe, mar a ndéarna se aḋra do Ḋía, féaċ, ṫáinic Ċúsai an Tarċíteaċ na ċoinne re na ċóta briste, agus cré ar a ċeann:


Aċt má ḟilleann tú don ċaṫruiġ, agus a raḋ re Habsolon, Biáiḋ mé am ṡearḃḟoġantuiġ agadsa, a ríġ; mar do ḃí mé am ṡearḃḟoġantuiġ ag haṫair go ttí so, mar sin ḃías mé mar an gcéadna am ṡearḃḟoġantuiġ agadsa: annsin féadfuiḋ tú coṁairle Aċitoṗel do ċur ar neiṁní ar mo ṡonsa.


Mar sin ṫainic Ċusai caruid Ḋáiḃi don ċaṫruiġ, agus ṫáinic Absolon go Hierusalem.


Oir do ċuáiḋ sé síos a niuġ, agus do ṁarḃ sé daiṁ agus áirnéis reaṁar agus caóiriġ go hiomadaṁuil, agus do ġoir sé mic an ríġ uile, agus caiptiniġ an tslóiġ, agus Abiatar an sagart; agus, féuċ, atáid ag iṫe agus ag ól da laṫair, agus a deirid siád, Go mairiġ an ríġ Adoniiah.


Agus ungaḋ Sádoc an sagart, agus Nátan an fáiḋ ann sin é na ríġ ós cionn Israel: agus séidiġsi an stoc, agus abruiḋ, Go mairiġ an ríġ Solaṁ.


Agus Asariah mac Nátán ós cionn na noifigeaċ: agus bá he Sabud mac Nátain prioṁ‐oifigeaċ, cara an ríġ:


Agus ṫug sé mac an ríġ amaċ, agus do ċuir coróin air, agus ṫug an nfíaḋnuise ḋó; agus do rinneadar ríġ ḋe, agus do ungadar é; agus do ḃuáileadar a mbasa air a ċéile, agus a duḃradar, Go mairiġ an ríġ.


Annsin do laḃair na Caldeánuiġ ris an ríġ a Síriac, A ríġ, mair go bráṫ; innis dot ṡeirḃiseaċuiḃ a naisling, agus foillseoċaimne an ċíall duit.


¶ Anois ṫáinic an ḃainríoġan do ḃriġ ḃríaṫar an ríġ agus a ṫiġearnaḋ go tiġ na fleiḋe: agus do laḃair an ḃainríoġan agus a duḃairt, A ríġ, mair go bráṫ: ná buáiḋreaḋ do smuáintiġṫe ṫú, agus ná háṫruiġeaḋ do ġnúis:


Annsin a duḃairt Dániel ris an ríġ, A ríġ, mair go bráṫ.


Annsin do ċruinniġeadar na húaċdaráinsi agus na prionnsaḋa a ccionn a ċéile a laṫair an ríġ, agus a duḃradar marso ris, A ríġ Dárius, mair go bráṫ.


Agus do ṫógaiḃ an slúaġ do ḃí roiṁe, agus na ḋiáiġ, gáir, ag ráḋ, Hósanna do ṁac Ḋáiḃí: Is beannuiġṫe an té ṫig a nainm an Tiġearna; Hósanna annsna hárdaiḃ.


Agus a duḃairt Samuel ris an bpobal uile, Féaċuiḋ an té do ṫoġ an TIĠEARNA, naċ ḃfuil aon cosṁuil ris a measc an ṗobail uile? Agus do ġáireadar an pobal uile, agus a duḃradar, Go mairiġ an riġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ