II Samuel 16:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)11 Agus a duḃairt Dáiḃi re Abisaí, agus ré na ṁuinntir uile, Féuċaiḋ, atá mo ṁac fein, noċ ṫainic amaċ as minniġiḃ, ag íarruiḋ mo ḃáis: cá ṁeid ós a ċionnsin anois ḋéanas an Beniamiteaċ úd? leigiḋ ḋo, ná bacaiḋ ḋe malluġaḋ; óir isé an TIĠEARNA a duḃairt ris é. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus do ċuir an TIĠEARNA aingeal uaḋ, noċ do ġéarr a maċ na fir ċalma uile, agus cinn feaḋna agus na cáiptiniġ annsa ḃfoslongṗort ag riġ na Hassíria. Mar sin dfill sé re náire air a éadan dá ḋúṫaiġ féin. Agus a nuáir ṫáinic sé go tiġ a ḋé, an luċd ṫáinic amaċ as a inniġiḃ fein do ṁarḃadar ann sin é leis an ccloiḋeṁ.
Anois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, éisdeaḋ mo ṫiġearna an ríġ briáṫra a ṡearḃḟoġantuiġ. Mas é an TIĠEARNA do ċorruiġ súas am aġaiḋsi ṫú, glacaḋ sé ofráil ċuige: aċd mas íad clanna na ndáoine, go maḋ malluiġ íad a laṫair an TIĠEARNA; oir do ḋíbreadar misi amaċ aniuġ ó ḟanṁuin a noiġreaċd an TIĠEARNA, ġá ráḋ, Eiriġ, aḋair deé oile.