II Samuel 16:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)10 Agus a duḃairt an ríġ, Cred é ḋamsa agus dáoiḃsi, a ċlann Ṡeruiah? marsin léigṫear ḋó malluġaḋ, do ḃríġ go nduḃaírt an TIĠEARNA ris, Malluiḋ Dáiḃí. Cía déaras ann sin, Cred fá ndéarna tú marso? အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Tuilieaṁ oile fós, atá a ḟios agad créd do rinne Ióab mac Seruiah orumsa, agus cred do rinne sé re dá ċaiptín ṡlóiġ Israel, re Abner mac Ner, agus re Amasa ṁac Ieter, noċ do ṁarḃ sé, agus gur ḋóirt fuil a ċogaiḋ sa tsioṫċáin, agus gur ċuir sé fuil an ċoguiḋ ar a ċrios do ḃí timċioll a ċaoil, agus ar a ḃrógaiḃ do ḃí ar a ċosaiḃ.
Anois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, éisdeaḋ mo ṫiġearna an ríġ briáṫra a ṡearḃḟoġantuiġ. Mas é an TIĠEARNA do ċorruiġ súas am aġaiḋsi ṫú, glacaḋ sé ofráil ċuige: aċd mas íad clanna na ndáoine, go maḋ malluiġ íad a laṫair an TIĠEARNA; oir do ḋíbreadar misi amaċ aniuġ ó ḟanṁuin a noiġreaċd an TIĠEARNA, ġá ráḋ, Eiriġ, aḋair deé oile.