7 ¶ Agus tárla a ndiaiġ ḋá ḟíṫċiod blíaḋan, go nduḃairt Absolon ris an ríġ, Guiḋim ṫú, taḃaír ḋaṁ cead dul do ḋíol mo ṁóide, ṫug mé don TIĠEARNA, ann Hébron.
Féuċ, troisgṫí ar son imreasan agus ceannairge, agus do ḃúalaḋ le dórn go hurċóideaċ: ni ṫroisgṫí mar do niṫi annsa lósa, do ḋéanaṁ ḃur ngoṫa ċluinsion go hárd.
Agus agá gcur go Beitleem ḋó, a duḃairt sé, Imṫige agus iárruiġ an náoiḋe go díṫċiollaċ; agus tar eís a ḟaġala ḋáoiḃ, innisiġ ḋamsa é, do ċum go raċainnsi féin agus go dtioḃruinn onóir ḋó.
Aċd is anáoiḃinn dáoiḃsi, a sgriobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟúarċráḃuiḋ! do ḃríġ go ndruigṫí rioġaċd neiṁe rés na ndáoiniḃ: oír ní ṫéiġṫí féin a sdeaċ, agus ní ḟuilngṫí don luċ a tá ag dul a sdeaċ dul ann.
Ann sin do ġlac Samuel a naḋarc ola, agus do ungaiḋ eision a lár a ḋearḃráiṫreaċ: agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA ar Ḋáiḃi ón lósin amaċ. Ann sin déiriġ Samuel súas, agus do ċúaiḋ go ramah.