5 Agus is aṁluiḋ do ḃíoḋ, a nuáir do ṫigeaḋ éanduine na ġoire do ḋéanaṁ uṁla ḋó, go ccuireaḋ a laṁ amaċ, agus go mbeireaḋ air, agus go ttugaḋ póg ḋó.
Ann sin ṫáinic Ióab ċum an ríġ, agus dinnis sé sin dó: agus an tan do ġoir se ar Absolon, ṫáinic sé ċum an ríġ, agus do léig sé é féin síos ar aġaiḋ go taluṁ as coinne an ríġ: agus do ṗóg an ríġ Absolon.
Agus a duḃairt Ióab re Amasa, An ḃfuil tú slán, a ḋearḃraṫair? Agus do ġlac Ióab Amasa ar ḟéasóig iona laíṁ ḋeis do ṫaḃairt póige ḋó.
Bá bláiṫe bríaṫra a ḃéil ná ím, aċt do ḃí cogaḋ iona ċroiḋe: bá buige a ḟocail ná ola, giḋeaḋ bá cloiḋṁṫe tairrngṫe íad.
A nuáir laḃras sé go breáġḋa, na creid é: óir atáid seaċd naṫḟúaṫṁaireaċta iona ċroiḋe.
Ní ṫug tusa póg ḋaṁ: aċd ó ṫáinig mé a sdeaċ níor ċoisg sisi do ṗógaḋ mo ċos.