A duḃairt an ríġ mar an gcéadna re Sádoc an sagart, Naċ fear fise ṫúsa? fill don ċaṫruiġ a sioṫċáin, agus do ḋías mac ad ḟoċair, Ahimaas do ṁac féin, agus Ionatan ṁac Abiatar.
¶ Ann sin a duḃaírt Ċusai ré Sadoc agus re Abiatar na sagairt, Marso agus marso do ċoṁarliġ Aċitoṗel Absolon agus sinnsir Israel; agus marso agus marso do ċoṁairliġ misi é.
Anois dfan Ionatan agus Ahimaas ag En‐rogel; (óir níor ḃáill leó a ḃfaicsin ag teaċd don ċaṫruiġ): agus do ċuáiḋ cailin agus dinnis sí scéula ḋóiḃ; agus do ċuadarsan agus dinnisiodar do Ḋáiḃi ríġ é.
Agus an fad do ḃí ġa ráḋ sin, féuċ, ṫáinic Ionatan mac Abiaṫair an sagart: agus a duḃairt Adoniiah ris, Tárr a steaċ; óir is duine cróḋa ṫú, agus atáid sceula maiṫe leaċd.