32 ¶ Agus tárla, a núair ṫáinic Dáiḃi go mullaċ an tsléiḃe, mar a ndéarna se aḋra do Ḋía, féaċ, ṫáinic Ċúsai an Tarċíteaċ na ċoinne re na ċóta briste, agus cré ar a ċeann:
Tárla a deirím an treas la, féuċ, go ttáinic duine ón ċampa ó Ṡaul agus a éadaċ brisde, agus cré ar a ċeann: agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir ṫáinic sé ċum Dáiḃi, gur ṫuit sé ċum talṁan, agus go ndéarna sé uṁlaċd.
¶ Agus do ċuir Támar luáiṫreaḋ ar a ceann, agus do réub sí a héadaċ iolḋaṫaċ do ḃí uirre, agus do leag sí a láṁ ar a ceann, agus dimṫiġ roimpe ag gárṫa.
¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi suas lé hárd ṡleiḃe na nolaḋ, agus do ġuil sé ag dul súas, agus do ḃí a ċeann a ḃfolaċ, agus é ag imṫeaċd cosnoċd: agus a nuile ḋuine dá raiḃ na ḟoċair dfoluiġ gaċ áon aca a ċeann, agus do ċúadar suas, ag gul ag dul súas dóiḃ.
Agus a núair do ċuáiḋ Dáiḃi beagán ṫar mullaċ na cnuicce feuċ, ṫárla Síba óglaċ Ṁeṗibóset ḋó, maille re cúpla Assal uġamṫa, air a raḃadar ḋá ċéad builín aráin, agus céad ceanglaċán rísín, agus céud do ṁeasa an tsaṁraiḋ, agus buidél fíona.