Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 15:31 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 ¶ Agus dinnis duine do Ḋáiḃi, ḋa ráḋ, Atá Aċitoṗel a measg na ndróiċṫionnsgantaċ a ḃfoċair Absolon. Agus a duḃairt Dáiḃi, O a ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, iompóiġ coṁairle Aċitoṗel a namadánaċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 15:31
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuir Absolom fios ar Aċitoṗel an Giloníteaċ, coṁairleaċ Ḋáiḃi, óna ċaṫrúiġ féin, ó Ġiloh, ann feaḋ do ḃí ag déanaṁ ioḋbarṫa. Agus do ḃí an ċealg láidir; óir do ḃí an pobal ag méaduiġaḋ a ccoṁnuiġ ag Absolon.


Agus do ḃí coṁairle Aċitoṗel, noċ do ḃeireaḋ sé uaḋ annsna laeṫiḃ sin, aṁuil mar do ḟíafroċaḋ duine briaṫar Dé: mar sin do ḃí coṁairle Aċitoṗel uile aráon ag Dáiḃi agus ag Absolon.


Agus a duḃairt Absolon agus fir Israel uile, As feárr coṁairle Ċusai an Tarċíteaċ ná coṁairle Aċitoṗel. (Oir do órduiġ an TIĠEARNA coṁairle ṁaiṫ Aċitoṗel do ċur air ccúl, ċor go ttiuḃraḋ an TIĠEARNA olc air Absolon.)


¶ Agus a núair do ċonnairc Aċitoṗel nar leanaḋ a ċoṁairle, do ċuir sé díalláoid ar a assal, agus déiriġ, agus do ċuaiḋ a ḃaile ḋa ṫiġ, da ċaṫruiġ, agus do ċuir a ṫiġ a norduġaḋ, agus do ċroċ sé é féin, agus fuáir bás, agus do haḋlaiceaḋ é a núaiġ a aṫar.


Ann sin a duḃairt Absolon, Goir anois Ċusai an Tarċíteaċ, agus cluinmid mar an gcéadna cred a deir seision.


Agus a duḃairt Ċusai ré Absolon, An coṁairle ṫug Aċitoṗel uaḋ ní maiṫ í ar a núairsi.


Toirmiosguiḋ sé tionnscanta na meaḃlaċ, iondus naċ ḃféuduid a láṁa a ttíonscanta do ċoiṁlíonaḋ.


Agus ré bríaṫraiḃ fúaṫṁara do ġaḃadar am ṫimċioll mar an gceadna; agus caṫuiġid am aġaiḋ gan aḋḃar.


A ṪIĠEARNA, cred mar do ṁéaduiġ tú luċd mo ḃuáiḋearṫa? is iomadaṁuil an drong noċ éirġios súas am aġaiḋ.


Fear mo ṡíoṫċána, fós, iona raiḃ mo ḋóiġ, noċ a duáiġ marán, do ṫog sé súas a ṡál am aġaiḋ.


A ló agus a noiḋċe tigid na timċioll air na ballaḋuiḃ: atá urċóid agus doilġios iona meaḋón.


Oír ní náiṁaid do imḋearg mé; annsin dféadfuinn a iomċar: níor arduiġ an té dó ḟúaṫaiġ mé é féin am aġaiḋ; ann sin do raċfuinn a ḃfolaċ air:


Agus failleoċuiḋ spiorad na Hégipte iona lár; agus díoḃaiġfe misi a coṁairle: agus íarrfuid siad ċum na ioḋaliḃ, agus ċum na neasarluiġṫeoiriḃ, agus ċum na druinge agá mbí leannáin síġṫe, agus ċum na ḃfaistíneaċ.


Neiṁniġios coṁarṫaḋa na mbréugaċ, agus do ḃeir luċt na fáistine ar cúṫaċ; iompoiġios daóine ġoca ar ccúl, agus do ní a néolus leaṁ:


Ní laḃruim oruiḃ uile: atá a ḟios agum cía an dream do ṫoġ mé: aċd do ċum go gcoiṁlíonfuiḋe an sgríobtúir, An té ata ag iṫe aráin am ḟoċair, do ṫóg sé a sbál am aġaiḋ.


Cá ḃfuil an teagnuiḋe? cá ḃfuil an scriobuiġe? cá ḃfuil fear tagarṫa an tsáoġailsi? A né naċ dearna Día aiṁgliocas do ġliocas an dóṁainsi?


Ní ó neaṁ ṫig a néagnasa, aċd atá sí talṁuiġe, colluiḋe, diaḃluiḋe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ