Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 15:30 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 ¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi suas lé hárd ṡleiḃe na nolaḋ, agus do ġuil sé ag dul súas, agus do ḃí a ċeann a ḃfolaċ, agus é ag imṫeaċd cosnoċd: agus a nuile ḋuine dá raiḃ na ḟoċair dfoluiġ gaċ áon aca a ċeann, agus do ċúadar suas, ag gul ag dul súas dóiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 15:30
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Rug Sádoc ar a naḋḃarsin agus Abiatar aírc Dé a rís go Hierusalem: agus dfanadar annsin.


Aċt dfoluíġ an ríġ a aġaiḋ, agus do ċoṁairc an ríġ lé guṫ árd, O a ṁic Absolon, ó Absolon, a ṁic, a ṁic!


Agus ṫáinic Ióab don tiġ ċum an ríġ, agus a duḃairt sé, Ṫug tú náire a niuġ daiġṫiḃ na serḃíseaċ uile, noċ do ċuṁdaiġ hanum a niuġ, agus anmanna do ṁac agus hinġean, agus anmanna do ḃan, agus anmanna do leannán;


¶ Agus ṫáinic Mordecai a rís go geata an ríġ. Aċt do rinne Háman deiṫnios da ṫiġ ag déanaṁ doḃróin, agus folaċ air a ċeann.


Dob íad mo ḋéora mo ḃíaḋ do ló agus doiḋċe, an feaḋ a deirṫear riom go láeṫeaṁuil, Cáit a ḃfuil do Ḋía?


Cred fa tteilgionn tú ṫú féin síos, ó manam? agus cred fa ḃfuil tú buáiḋearṫa ionnam? cuir do ḋóiġ a Ndía: óir molfad é fós, sláinte maiġṫe, agus mo Ḋía.


Léig ḋíot éiġioṁ, ná déan cuṁa ar son na marḃ, ceangail trealaṁ do ċinn ort, agus cuir do ḃróga air do ċosaiḃ, agus ná foluiġ do ṗuisiniġe, agus ná hiṫ arán na ndaóine.


Agus biáiḋ ḃur ttrealaṁ air ḃur cceannaiḃ, agus ḃur mbróga air ḃur ccosaiḃ: ní ḋéantaoi gul nó gearán; aċt beiṫí cnaóiḋṫe ar son ḃur néigceart, agus caóiḋfiḋe gaċ aon agaiḃ ar aġaiḋ a ċéile.


Agus seasfuid a ċosa annsa lósin ar ṡlíaḃ na noluiġeaḋ, noċ atá as coinne Ierusalem san noirṫear, agus scoiltfiḋ slíaḃ na noluiġeaḋ iona lár don leaṫ ṡoir agus don leaṫ ṡíar, na ġleann roṁór; agus áṫroċuid leaṫ an tsléiḃe don táoiḃ ó ṫúaiġ, agus a leaṫ oile don taoiḃ ó ḋeas.


Is beannuiġṫe na daóine do ní doḃrón: óir do ġeaḃa síad sólás.


Agus tárla, an tan do ḋruid sé lé Betṗáge agus ré Betánia, láiṁ ris a tsliaḃ da ngoirṫear slíaḃ na Noluiḋe, gur ċuir sé dias da ḋeisciobluiḃ úaḋ,


Agus an tan do ḋruid sé a ḃogus, ré casaiġ ṡléiḃe na Noluiḋeaḋ, do ṫionnsgain an ċuideaċa ḋeisciobal uile go lúaṫġáireaċ Dia do ṁolaḋ do ġuṫ ṁór ar son gaċ uile suḃailciġe dá ḃfacadur;


Agus mar do ḋruid sé a raḋarc na caiṫreaċ, do ġuil se air a son,


Agus do ḃíoḋ sé teagasg sa ló ann sa teampeall; aċd ann san noiḋċe ar nimṫeaċd dó amaċ, do ċoṁnuiġeaḋ sé ar a tslíaḃ dá ngoirṫear slíaḃ na Noluiḋeaḋ.


Agus ar nimṫeaċd amaċ ḋó, do ċúaiḋ sé, do réir a ġnáṫuiġṫe, go slíaḃ na Noluiḋeaḋ; agus fós do leanadar a ḋeisciobuil é.


Ann sin dfilleadar go Híarusalém ón tslíaḃ ré a nabarṫar slíaḃ na Noluiḋeaḋ, noċ atá láiṁ lé Híarusalém asdar sabbóide.


Bíoḋ gairdeaċus oráiḃ ma ráon ris an muinntir ar a ḃfuil gairdeaċus, agus bígiḋ ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi.


Uime sin dá ḃfuilngiḋ éunḃall, coṁḟuilngid na buíll nile; nó dá ḃfaġuiḋ éunḃall onóir, do níd na buill uile gáirdeaċas má ráon ris.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ