Ionnadsa do ṫarcuisniġeadar aṫair agus maṫair: aun do lár do rinneadar go cealgaċ ris an ccoiṁṫiġeaċ: ionnadsa do rinneadar foiréigion air an ndílleaċta agus air an mbaintreaḃuiġ.
¶ Agus éireoċuiḋ súas iona áit pearsa uirísiol, da naċ ttiuḃruid síad onóir na rioġaċda: aċt tiucfa sé a steaċ go síoṫċánta, agus gnoḋaċuiḋ sé an ríoġaċt le mealltóireaċd.
Agus do ċruinniġeadar íad féin a ccionn a ċéile a naġaiḋ Ṁáoise, agus a naġaiḋ Aáron, agus a dúḃradar riú, Is mór ġaḃṫáoise oruiḃ féin, ó ṫárla an ċoṁċruinniuġaḋ uile náoṁṫa, gaċ aón díoḃ, agus an TIĠEARNA na measc: ar a naḋḃarsin cred fá ccurṫáoisi siḃ féin súas ós cionn ṗobail an TIĠEARNA?
Agus go mórṁór an dream leanus ainṁíana na colla a neaṁġloine, agus do ḃeir neiṁċion ar úaċdaránaċd. Ar mbeiṫ ḋóiḃ andána, lán asda féin, ní ḃíonn faitċeas orṫa fá anċaint do ḋéunaṁ ar an luċd atá a gcúṁaċduiḃ árda.