¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi suas lé hárd ṡleiḃe na nolaḋ, agus do ġuil sé ag dul súas, agus do ḃí a ċeann a ḃfolaċ, agus é ag imṫeaċd cosnoċd: agus a nuile ḋuine dá raiḃ na ḟoċair dfoluiġ gaċ áon aca a ċeann, agus do ċúadar suas, ag gul ag dul súas dóiḃ.
¶ Agus do ċuir Dáiḃi ríġ fios go Sadoc agus go Abiatar na sagairt, ḋa ráḋ, Laḃruiḋ ré seanuiḃ Iúdah, ḋa raḋ, Creád fa ḃfuiltíse air deireaḋ do ḃreiṫ an ríġ air ais da ṫiġ? ó ṫáinic coṁráḋ Israel uile go nuíge an ríġ ḋa ṫiġ.
Cionnas do ċúaiḋ se a sdeaċ a dtiġ Dé an tan do ḃí Abiaṫar na árdṡagart, agus do iṫ sé arán na fíaḋnuisi, naċ ar ċeaduiġeaċ diṫe aċd do na sagartuiḃ, agus fós tug sé é don dréim do ḃí maille ris?