Bíoḋ meisneaċ ṁaiṫ agad, agus foillsiġeam sinn féin ar ḃfearuiḃ ar son ar bpobail, agus ar son ċaiṫreaċa ar Ndé: agus déanaḋ an TIĠEARNA an ní is maiṫ ann a raḋarc féin.
Agus a nuair do scuir aimsir a cuṁa, do ċuir Dáiḃi fios uirre ċum a ṫiġe, agus do ḃí na mnaói aige, agus rug sí mac ḋó. Aċ do ṁíoṫaitín an ní do rinne Dáiḃi ris an TTIĠEARNA.
Oir ní raiḃ do ṫiġ maṫarsa uile aċd daóine marḃa a ḃfiaḋnuise mo ṫiġearna an ríġ: giḋeaḋ do ċuir tusa do ṡerḃiseaċ a measc na ndaóine do ṡuiḋeaḋ ar do ḃórd féin. Créd an ceart atá agam ṫairis sin gairm níos mó ar an ríġ?
Go maḋ beannuiġ do ṪIĠEARNA Día, fuáir dúil ionnad, dot ṡuiġiuġaḋ a ccaṫaóir ríoġa Israel: do ḃríġ gur ġráḋuiġ an TIĠEARNA Israel go bráṫ, as uime sin do rinne sé ríġ ḋiotsa, do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis agus ceirt.
Go maḋ beannuiġ ḃías do ṪIĠEARNA Dí, agá raiḃ dúil ionad dot ċuir ad ṡuiḋe ann a ċaṫaóir ríoġa, ad ríġ dot ṪIĠEARNA Día: do ḃríġ gur ġráḋuiġ do Ḋía Israel, dá ccoṫuġaḋ go bráṫ, uimesin do rinne sé ríġ ḋíotsa os a ccionn, do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis agus ceirt.
Ní goirfiġear ḋíot ní sa ṁó Tréigṫe; agus ní déarṫar do ḋúṫaiġ ní is mó Uáigneaċ: aċt goirfiġear Haṗsi‐bah ḋíot, agus dot ḋúṫaiġ Beulah: óir dúiliġiḋ an TIĠEARNA ionnad, agus pósfuiġear do ḋúṫaiġ.
An é an fearso Coniah an tioḋal briste tarcuisneaċ? an soiṫeaċ gan dúil ar biṫ ann é? cred as ar teilgeaḋ amaċ íad, é féin agus a ṡlioċt, agus ar teilgeaḋ íad don tír naċ aiṫnid dóiḃ?