Is marso a deir an TIĠEARNA, Féaċ, tóigfe misi olc súas ad aġaiḋ amaċ as do ṫiġ féin, agus beanfa mé do ṁná ḋíot as coinne do ṡúl, agus do ḃéara mé dot ċoṁarsuinn íad, agus luiḋfiḋ sé led ṁnáiḃ a raḋarc na gréinesi.
¶ Agus ṫáiníc Dáiḃi ḋa ṫiġ ann Ierusalem; agus do ġlac Dáiḃi an deiċneaṁar ban a leannáin, noċ dfág sé ag cuṁdaċ án tiġe, agus do ċuir a bpriosún íad, agus do ḃeaṫuiġ íad, aċd níor luiġ sé léo. Mar sin do ḃádar fá íaḋaḋ go ló a mbáis, béo a mbaintreaḃaċus.
Agus na cumaiḋ siḃ féin ris an tsáoġalsa: aċd cuiriḋ siḃ féin a naṫarraċ croṫa ré haṫnúaḋuġaḋ ḃur ninntinne, ionnus go mbíaḋ a ḋearḃ aguiḃ créud í toil ṁaiṫ, ġeanaṁuil, ḋiongṁála Dé.
Agus do ḃrostuíġ Abigail uirre, agus déiriġ, agus do ċuáiḋ ar assal, agus cúigear ógḃan dar buḋ leiġ na diáiġ; agus do lean sí teaċda Ḋáiḃi, agus do ḃí na mnaói aige.