Is marso a deir an TIĠEARNA, Féaċ, tóigfe misi olc súas ad aġaiḋ amaċ as do ṫiġ féin, agus beanfa mé do ṁná ḋíot as coinne do ṡúl, agus do ḃéara mé dot ċoṁarsuinn íad, agus luiḋfiḋ sé led ṁnáiḃ a raḋarc na gréinesi.
A duḃairt an ríġ riú mar an gcéadna, Beiriḋ liḃ searḃḟoġantuiġiḋ ḃur ttiġearna, agus tugaiḋ air Ṡolaṁ mo ṁac dul air mo ṁúille féin, agus béiriġ síos é go Gihon:
¶ Ann sin do árduiġ Adoniiaṫ mac Haggit é féin, ġa ráḋ, Biáiḋ misi am ríġ: agus do ġleús sé carbuid agus marcṡluáġ ḋó féin, agus cáogad fear do rioṫ roiṁe.
Aċ ní ċruinneoċuiḋ sé iomad eaċ ḋó féin, ní mó ḃéarus sé fa deara ar an bpobal filleaḋ don Négipt, ċorgo méideoċaḋ sé eiċ ḋó féin: do ḃríġ go nduḃairt an TIĠEARNA riḃ, Ní ḟillfiḋe ó so amaċ san tsliġe ċéadna.
Agus a duḃairt sé, Buḋ é so béasa an riġ ḃías ós ḃur gcionn: Glacfuiḋ sé ḃur mic, agus óirdeoċuiḋ sé ḋó féin íad, ċum a ċarbad, agus dá mbeiṫ na marcṡlúaġ aige; agus rioṫfuid roiṁe a ċarbaduiḃ.