4 ¶ Agus a nuáir do laḃair an ḃean do Ṫecoah ris an ríġ, do ṫuit sí ar a haġaiḋ ċum na talṁan, agus do rinne uṁla, agus a duḃairt sí, Tárrṫuiġ, O a ríġ.
Tárla a deirím an treas la, féuċ, go ttáinic duine ón ċampa ó Ṡaul agus a éadaċ brisde, agus cré ar a ċeann: agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir ṫáinic sé ċum Dáiḃi, gur ṫuit sé ċum talṁan, agus go ndéarna sé uṁlaċd.
Agus do ṫuit Ioab ar a aġaiḋ go taluṁ, agus do ċláon é féin, agus rug buiḋeaċus ris an ríġ: agus a duḃairt Ióab, A niuġ aiṫniġiḋ do ṡearḃḟoġantuíġ go ḃfuáir mé grása ann do raḋarc, a ṫiġearna, mo ríġ, do ḃríġ gur ċoiṁlíon an ríġ íarratus a ṡearḃḟoġantuiġ.
Agus do ġoir Ahimaas, agus a dúḃairt ris an ríġ, Atá gaċ éinní gó maiṫ. Agus do léig sé é féin síos go lár ar aġaiḋ a laṫair an ríġ, agus a dúḃairt, Go maḋ beannaiġ do ṪIĠEARNA Día, noċ do ṡeaċaid súas na daoine do ṫóg a láṁa a naġaiḋ mo ṫiġearna an ríġ.
¶ Agus ar ball ar imṫiġ an buaċuill, déiriġ Dáiḃi ón ttaoḃ ó ḋeas, agus do ṫuit ar a aġaiḋ ċum na talṁan, agus do ċrom sé é féin trí huáire: agus do ṗógadar a ċéile, agus do ġuileádar le ċéile, nó gur ṡáruiḋ Dáiḃi.
Agus a núair do ċonnairc Abigail Dáiḃi, do lúaṫuiġ sí uirre, agus do ṫuirling sí don nassal, agus do ṫuit ar a haġaiḋ a ḃtiaḋnuisi Ḋáiḃí, agus do ċláon í féin go taluṁ,