Ann sin a duḃairt sisi, Guiḋim ṫú, cuiṁniġeaḋ an ríġ do ṪIĠEARNA Día, ná fuiling do ḋioġaltaċ na fola nios mó do ṁarḃaḋ, deagla go muirfidis mo ṁacsa. Agus a duḃairt seision, Mar ṁairios an TIĠEARNA, ní raċuiḋ ruibe do ġruáig do ṁíc ċum na talṁan.
Agus do ṫuit Ioab ar a aġaiḋ go taluṁ, agus do ċláon é féin, agus rug buiḋeaċus ris an ríġ: agus a duḃairt Ióab, A niuġ aiṫniġiḋ do ṡearḃḟoġantuíġ go ḃfuáir mé grása ann do raḋarc, a ṫiġearna, mo ríġ, do ḃríġ gur ċoiṁlíon an ríġ íarratus a ṡearḃḟoġantuiġ.
Oír, mar ṁaireas an TIĠEARNA, noċ ṡáorus Israel, bíoḋ gur ob ann Ionatan mo ṁacsa atá, do ġeaḃa sé bás go deiṁin. Aċd ní raiḃ duine a measc an ṗobail do ḟreagair é.