Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 14:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Ann sin a duḃairt sisi, Guiḋim ṫú, cuiṁniġeaḋ an ríġ do ṪIĠEARNA Día, ná fuiling do ḋioġaltaċ na fola nios mó do ṁarḃaḋ, deagla go muirfidis mo ṁacsa. Agus a duḃairt seision, Mar ṁairios an TIĠEARNA, ní raċuiḋ ruibe do ġruáig do ṁíc ċum na talṁan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 14:11
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Abram ré riġ Ṡodom, Do ṫóg mé súas mo láṁ ċum an TIĠEARNA, an Día as ro áirde séalḃuiġe neiṁe agus talṁan.


Má ní tú leatrom ar minġeanuiḃ, nó má ḃeir tú mná eile leiṫ amuiġ dom inġeanuiḃ, ní ḃfuil áonduine ar ḃfoċair: féuċ, atá Día dḟíaġuin eadruinn.


Agus a duḃairt an ríġ, Giḋ be déaras éinní riot, taḃair ċugamsa é; agus ní ḃeanfa sé riot nios mó.


Ann sin a duḃaírt an ḃean, Guiḋim ṫú, léig dot ḃánóglaiċ, éanḟocal aṁain do ráḋ re mo ṫiġearna an ríġ. Agus a duḃairt seision, Abair roṁad.


¶ Agus a duḃairt an ríġ re Ióab, Féuċ anois, do rinne mé an ní sé: imṫiġ ar a naḋḃarsin, taḃair leaċd an tógánaċ Absolon a rís.


Agus a duḃairt Solaṁ, Má ḟoillsiġionn sé é féin na ḋuine curata, ní raċa éan ruibe ḋá ġruáig fá ṫaluṁ: aċt má geiḃṫear droiċṁéin ann, cuirfiġear ċum báis é.


Agus mionnoċa tú, Mairiḋ an TIĠEARNA, a ḃfírinne, a mbreiṫeaṁnus, agus a ḃfíreantaċd; agus beinneoċuid na geinte íad féin annsan, agus is ann ḃías a nglóir.


Dioġaltóir ná fola is é féin ṁuirfeas an dúnṁarḃṫóir: a nuáir ṫeigeaṁas sé ris, muirfiḋ sé é.


Nó má ḃuáileann tré aingiḋeaċd é lé na láiṁ, ċor go ḃfuiġe sé bás: cuirfiġear go deiṁin an té ḃuáil é ċum báis; óir is dúnṁarḃṫóir é: muirfiḋ fear dioġalta na fola an dúnṁarḃṫóír, a nuáir ṫeigeaṁas sé ris.


Agus go ḃfuiġe dioġaltóir na fola é táoḃ amuiġ do imliḃ ċaiṫreaċ a ḋídin, agus go muirfe dioġaltóir na folá an marḃṫóir; ní buḋ ciontaċ fola é:


Aċd ċeana atá grúag ḃur gceinnse uile ar na coṁáireaṁ.


Uime sin guiḋim siḃ fá ḃíaḋ ċaiṫeaṁ: óir is ní ḃeanus ré ḃur slainte é: óir ní raċaiḋ ruáinne cinn éunduine aguiḃ a múġa.


Agus a duḃradar an pobal re Saul, An ḃfuiġe Ionatan bás, noċ do oibriġ an tárṫáil ṁórso ann Israel? Nar léigiḋ Día: mar ṁaireas an TIĠEARNA, ní raċaiḋ ruibe do ġruáig a ċinn ċum talṁan; óir do oibriġ sé le Día a niuġ. Mar sin do ḃeanadar an pobal Ionatan amaċ, naċ ar cuireaḋ ċum báis é.


Agus a duḃairt Ionatan re Dáiḃi, Imṫiġ a síoṫċain, do ḃríġ go ttug gaċ nduine aguinne aráon a ṁionna a nainm an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Bioḋ an TIĠEARNA eadrumsa agus tusa, agus eidir mo ṡlioċdsa agus do ṡlioċtsa go bráṫ. Agus déiriġ seision agus dimṫiġ sé: agus do ċuaiḋ Ionatan don ċaṫruiġ.


Agus do ṁionnuiġ Saul ḋi treas an TIĠEARNA, ag ráḋ, Mar ṁairios an TIĠEARNA, ní ṫeigeoṁuiḋ pionús ar biṫ ḋuit ar son na cúisise.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ