Ann sin a duḃairt sisi, Guiḋim ṫú, cuiṁniġeaḋ an ríġ do ṪIĠEARNA Día, ná fuiling do ḋioġaltaċ na fola nios mó do ṁarḃaḋ, deagla go muirfidis mo ṁacsa. Agus a duḃairt seision, Mar ṁairios an TIĠEARNA, ní raċuiḋ ruibe do ġruáig do ṁíc ċum na talṁan.
Agus a duḃairt an ḃean ó Ṫecoáh ris an ríġ, A ṫiġearna, a ríġ, bíoḋ an peacaḋ ormsa, agus ar ṫiġ maṫar: agus bíoḋ an ríġ agus a ċaṫaóir ríoġa gan ċoir.
Annsin a duḃairt an ríġ re Síba, Féuċ, is leaċdsa a ḃfuil ag Meṗibóset. Agus a duḃairt Siba, Iarruim go huṁal ort go ḃfaġá mé grása ad raḋarc, mo ṫiġearna a riġ.