Aċ do ṫeiṫ Absolon. Agus do ṫóg an tóganaċ do ḃí ag coiṁéud na faire a ṡuile súas, agus daṁairc sé, agus, féuċ, ṫangadar mórán dáoine annsa tsliġe ré táoiḃ an ċnoic táoḃ ṡíar ḋe.
Agus a duḃairt an ḃean, Maseaḋ cred as ar smuáin tusa a leiṫéid sin do ní a naġaiḋ ṗobail Dé? óir laḃruiḋ an ríġ an níse mar ḋuine do ḃeiṫ ciontaċ, do ċionn naċ goireann an ríġ a ḋíbearṫaċ a ris air ais.
Agus do ḟreagair Absolon Ióab, Féuċ, do ċuir misi fios ort ḋa ráḋ, Tárr annso, go gcuiriḋ mé ċum an ríġ ṫú, ḋá ráḋ, Cred fá ttáinic mé ó Ġésur? do bfearr ḋaṁ gurob ann sin do ḃéinn fós: anois air a naḋḃarsin faicim gnúis an ríġ; agus matá coir ar biṫ orum, marḃaḋ sé mé.
Oír ṫug do ṡearḃḟoġantuiġ móid a nuáir do ḃí mé am ċoṁnuiġ a Ngésur a Síria, ġa ráḋ, Má ḃeirionn an TIĠEARNA mé go dearḃṫa a rís go Hierusalem, ann sin do ḋéana mé serḃís don TIĠEARNA.