Agus do rínneadar searḃḟoġantuiġe Absolon re Hamnon mar do aiṫin Absolon. Annsin do éirġeadar mic an ríġ uile, agus do ċúaiḋ gaċ áon aca súas ar a ṁúille, agus do ṫeiṫeadar.
Agus tárla, a nuáir do ċonnairc sé í, gur réub sé a éadaċ, agus go nduḃairt sé, Uċ, a inġean! do ḃrúiġ tú síos mé, agus is áon don droing ḃuaiḋrios mé ṫú: óir dfoscuil mé mo ḃéul don TIĠEARNA, agus ní ḟéaduím dul air mais.