Anois do ḃí a naṫair niṁe ní buḋ cealguiḋe ná áoin ḃeiṫeaċ san ṁaċaire dá ndéarna an TIĠEARNA Día. Agus a duḃairt sí ris an ṁnáoi, A neaḋ, a nduḃairt Día, Ní iostáoi dá gaċ áon ċrann sa ngáirdín?
Agus do ḃí Amnon ċoṁmór sin ar na ċráḋ, gur ġaḃ tinnios é fa ná ḋeirḃṡiáir Támar; óir do ḃí sisi na maiġdin; agus do smúain Amnon gur ḋeacair ḋó féin éainní ḋéanaṁ ría.
Agus a duḃairt, Ionadab ṁac Simeáh dearḃraṫair Ḋáiḃi, Ná sáoileaḋ mo ṫiġearna gur marḃaḋ na hógánuiġ mic an ríġ uile; óir Amnon aṁáin do marḃaḋ: óir do tionscnaḋ so do réir ṫola Absalon ón ló fár éigniġ sé a ḋearḃṡiúr Támar.
Agus a duḃairt Ionadab ris, Créd fá ḃfuil tú tanuġaḋ mar sin ó lá go lá, agus tú ad ṁac ag an ríġ? naċ inneosa tú ḋamsa é? Agus a duḃairt Amnon ris, Atá gráḋ agum ar Ṫámar, deirḃṡíur mo ḋearḃraṫar Absolon.
Agus do ċuir Ióab fios go Tecoah, agus ṫug as sin bean ċríonna, agus a duḃairt ría, Guiḋim ṫú, léig ort féin ḃeiṫ ad ċuṁaċ, agus cuir ort a nois éadaċ cuṁa, agus ná cumuil ola ḋíot féin, aċ bí mar ṁnáoi atá ré fada a geuṁaiḋ ar son an ṁairḃ.
Mar an gcéadna Ionatan dearḃraṫaír aṫar Ḋáiḃi do ḃí sé na ċoṁairleaċ, na ḋuine críonna, agus na scriḃneóir: agus do ḃí Iehiel ṁac Haċmon a ḃfoċair ṁac an ríġ.
¶ Annsin a duḃairt Seres a ḃean agus a ċáirde uile ris, déantar croċ ċáogad cuḃad ar áirde, agus laḃairsi ris an ríġ a maraċ go ccroċfuiḋe Mordecai uirre: an sin éiriġ a steaċ go súgaċ ris an ríġ ċum na fleiḋe. Agus do ṫaitin an ní le Háman; agus ṫug sé fa deara croċ do ḋéanaṁ.
Agus dinnis Háman dá ṁnaói Seres agus dá ċáirdiḃ uile gaċ ní dár éiriġ ḋó. Annsin a duḃradar a ḋaoine glioca agus Seres a ḃean ris, Más do ṡíol na Niúduiġeaḋ Mordecai, re ar ṫosuiġ tú tuitim, ní ḃéara tú buáiḋ na aġaiḋ, aċd is dearḃ go ttuitfiḋ tú roiṁe.
Oír atáid mo ḋaóine leaṁ, níor aiṫniġeadar mé; is clann ḃrúideaṁuil fad, agus ní ḃfuil tuicsi ar biṫ aca: atáid glic ċum uilc do ḋéanaṁ, aċt do ḋéanaṁ maiṫeasa ní ḃfuil tuicsi ar bíṫ aca.
¶ Agus a duḃaírt Samuel re Iesse, An ḃfuilid do ċlann uile annso? Agus do ḟreagair seision, Atá fós an mac as óige gan a ḃeiṫ ann, agus, féuċ, atá sé ag coiṁéad na gcáoraċ. Agus a duḃairt Samuel ré Iesse, Cuir fios air agus taḃair leaċd é: óir ní ṡuiġfeam síos nó go ttí sé annso.