29 Agus do rínneadar searḃḟoġantuiġe Absolon re Hamnon mar do aiṫin Absolon. Annsin do éirġeadar mic an ríġ uile, agus do ċúaiḋ gaċ áon aca súas ar a ṁúille, agus do ṫeiṫeadar.
Anois ar a naḋḃarsin ní ḋeíleoċuiḋ an cloiḋeaṁ re do ṫiġ ċoiḋċe; do ċionn mar do ṫarcuisniġ tú misi, agus go ttug tú bean Uriah an Hititiġ dá beiṫ na mnáoi ḋuit féin.
Agus do ḃí días mac ag do ḃanóglaiċ, agus do ṫroideadar aráon re ċeile annsa maċaire, aċ ní raíḃ éinneaċ do ḋéanaṁ éadarsgán, agus do ḃúail fear aca an fear oile, agus do ṁarḃ sé é.
¶ Agus tárla Absolon ar ṡearḃḟoġantuiġiḃ Ḋaiḃi. Agus do ḃí Absolon a marcuiġeaċd air ṁúille, agus do ċuáiḋ an múille fáói ġeuguiḃ tiuġa daire moire, agus rug a ċeann greim ar a ndaruiġ, agus do ḃí sé croiċde idir neaṁ agus taluṁ; agus dimṫiġ an múille do ḃí faói roimpe.
A duḃairt an ríġ riú mar an gcéadna, Beiriḋ liḃ searḃḟoġantuiġiḋ ḃur ttiġearna, agus tugaiḋ air Ṡolaṁ mo ṁac dul air mo ṁúille féin, agus béiriġ síos é go Gihon:
¶ Ann sin do ċuáiḋ Sádoc an sagart, agus Nátan an fáiḋ, agus Benaiah mac Iehoiada, agus na Ċeretitiġ, agus na Peletitiġ, síos, agus do ċuireadar Solaṁ ar ṁúille Ḋáiḃi ríġ, agus ṫugadar go Gihon é.
¶ Coiṁéadfuiḋe mo statúídiġ. Ní léígfíḋe dá ḃur náirnéis gineaṁuin ré cineul éagsaṁuil: ní ċuirfe tú ṫfearann lé síol cumaisce: agus ní mó ċuirfeas tú éadaċ cumaisce, do líon agus doluinn iomad.
¶ Ċor go ndéanuid olc leis an dá láiṁ go diṫċiollaċ, íarruiḋ an prionnsa agus an breiṫioṁ tioḋlacaḋ; agus foillsiġiḋ an duine mór a ṫoil urċóideaċ: marsin fillid súas é.