Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 13:28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 ¶ Anois do aiṫin Absolon da ṡearḃḟoġantaiġiḃ, ġa ráḋ, Coṁarṫuiġ anois a nuáir ḃías croiḋe Amnon súgaċ o ḟíon, agus a nuáir a déara misi riḃ, Buaíliġ Amnon; annsin marḃuiḋ é, ná bíoḋ eagla oruiḃ: naċ ar áiṫin misi ḋiḃ é? bíġi curata, agus bíġi beóḋa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 13:28
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do iḃ sé do nḟion, agus do ḃí sé ar meisge; agus do ḃí sé lomnoċda a stiġ sa ṗailliun.


Agus a nuáir do ġoír Dáiḃi air, duáiġ sé agus diḃ sé iona ḟíaḋnuise; agus do ċuir sé ar meisge é: agus tráṫnóna do ċuáiḋ amaċ do luiġ air a leabuiḋ a ḃfoċair ṡerḃiseaċ a ṫiġearna, agus ní ḋeaċaiḋ síos dá ṫiġ féin.


Agus do scríoḃ sé annsa litir ġa ráḋ, Cuir Uriah a naġaiḋ an ċaṫa as láidre, agus filliḋ feín uaḋ, ċor go mbuáilfiġear, agus go muirfiġear é.


Anois ar a naḋḃarsin ní ḋeíleoċuiḋ an cloiḋeaṁ re do ṫiġ ċoiḋċe; do ċionn mar do ṫarcuisniġ tú misi, agus go ttug tú bean Uriah an Hititiġ dá beiṫ na mnáoi ḋuit féin.


Aċd do ċuir Absolon diṫċioll air, gur léig sé Damnon agus do ṁacaiḃ an riġ uile dul leis.


Agus do ḃí días mac ag do ḃanóglaiċ, agus do ṫroideadar aráon re ċeile annsa maċaire, aċ ní raíḃ éinneaċ do ḋéanaṁ éadarsgán, agus do ḃúail fear aca an fear oile, agus do ṁarḃ sé é.


Agus do ċuádar amaċ san meaḋon láoi. Aċt do ḃí Ben‐hadad ag ól ġa ċur féin ar meisge annsna páilliúnuiḃ, é féin agus na ríġṫé, an dá ríġ ḋéug ar ḟiṫċid do ḃí ag cungnaṁ leis.


¶ Ar an seaċdṁaḋ lá, a nuáir do ḃí croiḋe an ríġ súgaċ ó ḟíon, daiṫin sé do Ṁehuman, do Ḃista, do Harbona, do Ḃigta, do Abagta, do Ṡeṫar, agus do Ċarcas, an móirṡeisior seomradóiriġ dfoġnaḋ a ḃfiaġuúise an ríġ Ahasuerus,


Noċ do ġáirdiġios croiḋe an duine re fíon, ḃeir ar aġaiḋ deálruġaḋ re hola, agus neartuiġios croiḋe an duine re harán.


Agus do ġoir rí na Hégipte ar na mnáiḃ tuismiġe, agus a duḃairt ríu, Cred fá ndearnaḃair an nísi, agus ar ċuṁduiġeaḃair an ċlann ṁac beó.


¶ Do níṫear féusta ċum sugarṫa, agus do ní an fíon súgaċ: agus freagraiḋ an tairgiod na huile neiṫe.


¶ Imṫiġ roṁad, iṫ harán maille re sólás, agus iḃ ṫfíon le croiḋe súgaċ; óir gaḃuiḋ Día anois hoibreaċa.


¶ A noiḋċesin do marḃaḋ Belsassar ríġ na Ccaldeánaċ.


Oír an feaḋ ḃéid fillte air a ċéile mar ḋroinġne, agus an feaḋ ḃéid ar meisce aṁuil luċt meisce, loiscfiġear íad aṁuil connlaċ láinṫirim.


Aċd taḃruiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, deagla go mbíaḋ siḃ tromċroiḋ ṫeaċ úair ar biṫ í ċráos, agus ó ṁeisge, agus ó roċúramuiḃ na beaṫasa, agus go dtioċfaḋ an lá úd go hobann oraiḃ.


Agus ar ḃfreagra do Ṗeadar agus do na habsdaluiḃ a duḃradar, Is mó is éigin úṁluġaḋ do Ḋía, ná do ḋáoiniḃ.


Náċ ar aiṫin misi ḋíot? Bí láidir agus lán ḃéoḋa; ná bíoḋ eagla ort, agus ná bí meata: óir atá do ṪIĠEARNA Día maille leaċd giḋ bé áit a raċa tú.


¶ Anois ar mbeiṫ ag déanaṁ a gcroiḋṫe súgaċ ḋóiḃ, feaċ, ṫangadar muinntir na caiṫreaċ, mic áiriġ do Ḃelial, timċioll an tiġe fá gcuairt, agus do ḃuáileadar an dorus, agus do laḃradar ré fear an tiġe, an seanduine, ġá ráḋ, Taḃair amaċ an fear ṫainic dot ṫiġ, go ccoiṁríaċdanam ris.


Agus do ṡuiġeadar síos, agus do ċaiṫeadar bíaḋ agus deoċ aráon a ḃfoċair a ċéile: óir a duḃairt aṫair an ċailín ris a nóglaċ, Guiḋim ṫú bí suáiṁneaċ, agus fan a noċd, agus bíoḋ do ċroiḋe súgaċ.


Agus a nuáir do éiriġ an tóglaċ na ṡeasaṁ ċum imṫeaċd, é fein agus a léannán, agus a ṡerḃíseaċ, a duḃairt a ċlíaṁuin, aṫair an ċailín ris, Féaċ, ata an lá mall anois a ngar don tráṫnóna, guiḋim ṫú fuiriḋ feaḋ na hoiḋċe: féaċ, atá an lá deiġionaċ, fan a noċd annso, ċor go mbiáḋ do ċroiḋe súgaċ; agus a máraċ éiriġ go moċ ċum do ṡliġeaḋ, ċor go ḃféadfa tú dul don ḃaile.


Agus a nuáir a duáiġ agus diḃ Boas, agus go raiḃ a ċroiḋe súgaċ, do ċuáiḋ sé a luiḋe láiṁ ré cárn a narḃa: agus ṫáinic sisi go mín, agus do noċd sí a ċosa, agus do luiġ sí síos.


¶ Agus do aiṫin Saul dá ṡearḃḟoġantuiḃ, ḋá ráḋ, Labruiḋ ré Dáiḃi go secreideaċ, agus abruiḋ, Féaċ, atá dúil ag an ríġ ionnad, agus gráḋuiġiḋ a ṡerḃísiġ uile ṫú: anois ar a naḋḃarsin bí ad ċlíaṁuin ag an ríġ.


Agus do ṁionnuiġ Saul ḋi treas an TIĠEARNA, ag ráḋ, Mar ṁairios an TIĠEARNA, ní ṫeigeoṁuiḋ pionús ar biṫ ḋuit ar son na cúisise.


Agus a duḃairt an ríġ ría, Ná bíoḋ eagla ort: óir cred do ċonnairc tú? Agus a duḃairt an ḃean re Saul, Do ċonnairc mé dée ag éirġe a níos as an ttalaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ