Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 13:26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Ann sin a duḃairt Absolon, Muna ttí tú féin, guiḋim ṫú, léig mo ḋearḃraṫair Amnon ṫeaċd linn. Agus a duḃairt an ríġ, Cred fá raċaḋ seision leaċd?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 13:26
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt an ríġ ré Habsolon, Ní heaḋ, a ṁic, ná tíaġam uile anois ann, deagla go mbémis costusaċ ḋuit. Agus do ċuir sé diṫċioll air: aċt níer ḃáill leis imṫeaċd, aċ do ḃeannuiġ sé é.


Aċd do ċuir Absolon diṫċioll air, gur léig sé Damnon agus do ṁacaiḃ an riġ uile dul leis.


Agus a duḃairt Ióab re Amasa, An ḃfuil tú slán, a ḋearḃraṫair? Agus do ġlac Ióab Amasa ar ḟéasóig iona laíṁ ḋeis do ṫaḃairt póige ḋó.


Agus a núair dfill Abner go Hébron, rug Ióab leis do leaṫtaoiḃ é annsa ġeata do laḃairt go síoṫċánta ris, agus do ḃuáil sé ann sin é fáoi an gcúigeaḋ easna, go ḃfúair sé bás, ar son fola a ḋearḃráṫar Asahel.


Bá bláiṫe bríaṫra a ḃéil ná ím, aċt do ḃí cogaḋ iona ċroiḋe: bá buige a ḟocail ná ola, giḋeaḋ bá cloiḋṁṫe tairrngṫe íad.


An té ḟúaṫuiġios do ní sé blandar le na ṗuisíniḃ, agus taisgiḋ sé cealg a stiġ ann;


Uimesin is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Féuċ, leagfa mé íad, agus dearḃoċa mé íad; óir cred ḋéanas mé ar son inġine mo ḋaóine?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ